- PREASRÁITEAS
Cinntí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta
17 Aibreán 2025
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Go háirithe, tá an cinneadh an ráta úis ar an tsaoráid taisce a ísliú – an ráta trína stiúrann an Chomhairle Rialaithe an seasamh i leith an bheartais airgeadaíochta – bunaithe ar a measúnú nuashonraithe ar an ionchas boilscithe, ar dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh agus ar neart tharchur an bheartais airgeadaíochta.
Tá an próiseas díbhoilscithe ar an mbóthar ceart. Tríd is tríd, lean an boilsciú air ag forbairt de réir mar a bhí an fhoireann ag dréim leis. Tháinig laghdú ar an gcroí-bhoilsciú agus ar an mboilsciú foriomlán araon i mí an Mhárta. Tháinig laghdú mór ar bhoilsciú seirbhísí le roinnt míonna anuas freisin. Léiríonn an chuid is mó de bhearta an bhoilscithe bhunúsaigh go socróidh an boilsciú síos ar bhonn leanúnach thart ar an sprioc mheántéarmach 2 % atá ag an gComhairle Rialaithe. Tá fás pá ag maolú, agus tá brabúis ag cur srian le cuid den tionchar ar an mboilsciú atá ag an bhfás mór pá atá ann i gcónaí. Tá seasmhacht an limistéir euro i gcoinne eachtraí domhanda gan choinne ag dul i bhfeabhas go pointe, ach tá an t-ionchas fáis ag dul in olcas de dheasca an teannais trádála atá ag dul i méid. Is dócha go laghdóidh an éiginnteacht bhreise sin an mhuinín atá ag teaghlaigh agus ag gnólachtaí. Is dócha freisin go mbeidh géarú ar dhálaí maoiniúcháin ann mar thoradh ar an bhfreagra diúltach luaineach a thug an margadh ar an teannas trádála. D’fhéadfadh na cúinsí sin cur as a thuilleadh don ionchas eacnamaíoch sa limistéar euro.
Tá rún daingean ag an gComhairle Rialaithe a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag an sprioc mheántéarmach 2 % atá aici. Go háirithe agus an éiginnteacht as an ngnáth atá ann faoi láthair, leanfaidh sí cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun an seasamh iomchuí i leith an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh cinntí na Comhairle Rialaithe faoi rátaí úis bunaithe ar a mheasúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh agus neart tharchur an bheartais airgeadaíochta. Níl an Chomhairle Rialaithe ag tabhairt aon ghealltanas fós maidir le treo rátaí ar leith.
Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Dá réir sin, laghdófar na rátaí úis ar an tsaoráid taisce, ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin agus ar an tsaoráid iasachta imeallach go 2.25 %, 2.40 % agus 2.65 % faoi seach, le héifeacht ón 23 Aibreán 2025.
An clár ceannaithe sócmhainní (APP) agus an clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)
Tá punanna an chláir ceannaithe sócmhainní (APP) agus an chláir ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.
***
Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena cuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go gcobhsóidh an boilsciú ar bhonn leanúnach ag an sprioc mheántéarmach 2 % atá aici agus chun dea-fheidhmiú tharchur an bheartais airgeadaíochta a choinneáil. Thairis sin, tá an Ionstraim um Chosaint Tarchuir ar fáil chun cur i gcoinne cúinsí mí-ordúla sa mhargadh nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír sa limistéar euro. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an gComhairle Rialaithe a sainordú i dtaobh cobhsaíocht praghsanna a chur i gcrích ar bhealach níos éifeachtúla.
Tabharfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh ráiteas faoi na cinntí seo ag preasócáid ag 14:45 CET inniu.
Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa