- PREASRÁITEAS
Cinntí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta
5 Meitheamh 2025
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Go háirithe, tá an cinneadh an ráta úis ar an tsaoráid taisce a ísliú – an ráta trína stiúrann an Chomhairle Rialaithe an seasamh i leith an bheartais airgeadaíochta – bunaithe ar a measúnú nuashonraithe ar an ionchas boilscithe, ar dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh agus ar neart tharchur an bheartais airgeadaíochta.
Faoi láthair, tá an boilsciú thart ar an sprioc mheántéarmach 2 % atá ag an gComhairle Rialaithe. De réir na bonnlíne i réamh-mheastacháin foirne nua an Eurochórais, ba cheart go socródh an meánbhoilsciú foriomlán ag 2.0 % in 2025, ag 1.6 % in 2026 agus ag 2.0 % in 2027. Léiríonn na hathbhreithnithe anuas i gcomparáid le réamh-mheastacháin mhí an Mhárta – 0.3 pointe céatadáin le haghaidh 2025 agus 2026 araon – go mbeidh praghsanna fuinnimh níos ísle ná mar a measadh agus go mbeidh euro níos láidre ann. Measann an fhoireann go mbeidh meánbhoilsciú (praghsanna fuinnimh agus bia as an áireamh) 2.4 % ann in 2025 agus gur 1.9 % a bheidh ann in 2026 agus 2027. Tríd is tríd, níl aon athrú ansin ó bhí mí an Mhárta ann.
I dtaca leis an bhfíor-olltáirgeacht intíre (OTI), síleann an fhoireann go mbeidh meánfhás 0.9 % ann in 2025 agus gur 1.1 % a bheidh ann in 2026 mar aon le 1.3 % in 2027. Léiríonn an réamh-mheastachán fáis le haghaidh 2025 nár athbhreithníodh go raibh an chéad ráithe níos láidre ná mar a ceapadh ach gur dócha gur lú fás a bheidh ann ar feadh an chuid eile den bhliain. Cé gur dócha go n-imreoidh an éiginnteacht a bhaineann le beartais trádála tionchar ar infheistíocht ghnó agus ar onnmhairí, go háirithe sa ghearrthéarma, cuirfidh an méadú ar chaiteachas rialtais ar chúrsaí cosanta agus bonneagair leis an bhfás de réir a chéile sa mheántéarma. Fágfaidh an t-ardú ar fhíorioncaim agus margadh láidir fostaíochta go mbeidh teaghlaigh in ann breis airgid a chaitheamh. I dteannta dálaí maoiniúcháin níos fabhraí, ba cheart go bhfágfadh sé sin go mbeidh an geilleagar níos seasmhaí i gcoinne eachtraí domhanda gan choinne.
I gcomhthéacs na héiginnteachta móire atá ann, rinne an fhoireann measúnú ar chuid de na meicníochtaí faoina bhféadfadh beartais éagsúla trádála tionchar a imirt ar an bhfás agus ar an mboilsciú de réir roinnt cásanna malartacha léiritheacha. Foilseofar na cásanna sin i dteannta na réamh-mheastachán foirne ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Faoin anailís sin ar chásanna, d’fhágfadh géarú eile ar an teannas trádála sna míonna amach romhainn go mbeadh an fás agus an boilsciú faoi bhun na réamh-mheastachán bonnlíne. Os a choinne sin, dá bhfaighfí réiteach sásúil ar an teannas trádála, bheadh an fás, agus an boilsciú go pointe áirithe, níos airde ná mar atá sna réamh-mheastacháin bhonnlíne.
Tugann an chuid is mó de bhearta an bhoilscithe bhunúsaigh le fios go socróidh an boilsciú thart ar sprioc mheántéarmach 2 % na Comhairle Rialaithe ar bhonn leanúnach. Tá fás pá fós ag dul in airde ach is léir go bhfuil sé ag moilliú i rith an ama. Tá brabúis ag cur srian le cuid den tionchar atá aige sin ar an mboilsciú. Is lú imní atá ann anois go mbeidh géarú ar dhálaí maoiniúcháin ann mar thoradh ar an éiginnteacht bhreise agus an freagra luaineach a thug an margadh ar an teannas trádála.
Tá rún daingean ag an gComhairle Rialaithe a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag an sprioc mheántéarmach 2 % atá aici. Go háirithe agus an éiginnteacht as an ngnáth atá ann faoi láthair, leanfaidh sí cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun an seasamh iomchuí i leith an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Beidh cinntí na Comhairle Rialaithe faoi rátaí úis bunaithe ar a measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh agus neart tharchur an bheartais airgeadaíochta. Níl an Chomhairle Rialaithe ag tabhairt aon ghealltanas fós maidir le treo rátaí ar leith.
Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Dá réir sin, laghdófar na rátaí úis ar an tsaoráid taisce, ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin agus ar an tsaoráid iasachta imeallach go 2.00 %, 2.15 % agus 2.40 % faoi seach, le héifeacht ón 11 Meitheamh 2025.
An clár ceannaithe sócmhainní (APP) agus an clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)
Tá punanna an chláir ceannaithe sócmhainní (APP) agus an chláir ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.
***
Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena cuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go gcobhsóidh an boilsciú ar bhonn leanúnach ag an sprioc mheántéarmach 2 % atá aici agus chun dea-fheidhmiú tharchur an bheartais airgeadaíochta a choinneáil. Thairis sin, tá an Ionstraim um Chosaint Tarchuir ar fáil chun cur i gcoinne cúinsí mí-ordúla sa mhargadh nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír sa limistéar euro. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an gComhairle Rialaithe a sainordú i dtaobh cobhsaíocht praghsanna a chur i gcrích ar bhealach níos éifeachtúla.
Tabharfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh ráiteas faoi na cinntí seo ag preasócáid ag 14:45 CET inniu.
Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa