Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta – Iúil 2025
Cad a chinneamar?
INSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
Níor chuireamar athrú ar bith ar ár n-eochair-rátaí úis
Rinneamar amhlaidh toisc go gcobhsóidh an ráta boilscithe ag an sprioc 2 % atá leagtha síos againn.
Cad atá ag tarlú sa gheilleagar?
INSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
Tá teacht aniar sa gheilleagar
D’fhás sé níos láidre ná mar a bhí tuartha sna chéad mhíonna den bhliain. Ach tá an timpeallacht dhomhanda thar a bheith éiginnte fós, go háirithe mar gheall ar dhíospóidí trádála.
Tá gnólachtaí fós ag coinneáil siar
De dheasca taraifí agus éiginnteacht dhomhanda tá siad faichilleach ó thaobh infheistíocht a dhéanamh. Toisc an euro a bheith níos láidre tá onnmhairí na ngnólachtaí níos costasaí sa chuid eile den domhan. Ach tá sé beartaithe ag rialtais breis airgid a chaitheamh, go háirithe ar chúrsaí cosanta agus bonneagair, agus ba cheart go dtacódh sé sin leis an ngeilleagar.
Tá cúrsaí airgeadais go maith ag formhór na ndaoine
Tá a lán daoine i bpoist agus tá a bpá ag fás ar luas maith. Dá thoradh sin is féidir leo airgead a chaitheamh ar earraí agus ar sheirbhísí, ar nós laethanta saoire, agus infheistíocht a dhéanamh chun teach a cheannach.
Níl sé chomh costasach is a bhí airgead a fháil ar iasacht
Tá méadú beag ar an méid creidmheasa atá á lorg ag gnólachtaí. Ag an am céanna, tá na bainc faichilleach i dtaobh iasachtaí a thabhairt de bharr éiginnteacht dhomhanda agus teannais trádála.
Tá an boilsciú ag teacht leis an sprioc atá againn dó: 2 %.
Measaimid go gcobhsóidh sé thart ar ár sprioc 2 % sa tréimhse atá romhainn.
Féach ar na mionsonraí
CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA
Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.
PreasráiteasRÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA
Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.
Ráiteas beartais airgeadaíochta