Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Eolas fúinn

Coimeádaimid praghsanna cobhsaí agus do chuid airgid sábháilte

Anseo ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE), oibrímid chun praghsanna a choimeád cobhsaí sa limistéar euro. Déanaimid é sin ionas gur féidir leat an méid céanna a cheannach le do chuid airgid inniu agus amárach.

Cuirimid le sábháilteacht agus fóntacht an chórais baincéireachta Eorpaigh freisin. Cuidíonn sin le hairgead a chuireann tú sa bhanc a choimeád sábháilte.

Déanaimid ár rud ionas gur féidir leat do rogha rud a dhéanamh

Oibrímid leis na bainc cheannais náisiúnta chun an euro a choimeád cobhsaí agus praghsanna sábháilte. Déanaimid cinnte go bhfuil na bainc thráchtála sábháilte, ionas go bhfanann an córas airgeadais láidir. Tríd an méid sin a dhéanamh, cabhraímid leat airgead a chaitheamh, a shábháil nó a fháil ar iasacht go muiníneach.

Coimeádaimid smacht ar bhoilsciú

Is banc ceannais an limistéir euro é an Banc Ceannais Eorpach, ina gcuimsítear tíortha an Aontais Eorpaigh a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Is é an príomhchúram atá orainn praghsanna a choimeád cobhsaí. Is cuma más ag siopadóireacht, ag taistil nó ag infheistíocht i do thodhchaí thú, is féidir leat brath ar euro láidir agus cobhsaí le tacú le do phleananna.

Foghlaim tuilleadh faoinár mbeartas airgeadaíochta

Cuirimid le sábháilteacht agus fóntacht an chórais baincéireachta Eorpaigh

Déanaimid maoirseacht ar bhainc i limistéar an euro ionas gur féidir leatsa a bheith cinnte go mbeidh siad in ann turraingí a sheasamh. Ciallaíonn geilleagar láidir gur féidir leat pleanáil don todhchaí gan imní faoi athruithe tobanna. Má tá airgead á chur ar leataobh agat do sprioc mór nó do shuaimhneas intinne, cabhraímid leat do choigilteas a choimeád sábháilte.

Tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin maoirseachta

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Forbraímid agus eisímid nótaí bainc euro

Infheistímid i dteicneolaíochtaí nua chun go mbeidh na nótaí bainc a úsáideann tú níos sábháilte agus níos láidre. Déanaimid táirgeadh agus eisiúint na nótaí bainc sin a chomhordú leis na tíortha a úsáideann an euro.

Féach ar nótaí bainc euro in 3D

Cinntímid go n-oibríonn bonneagar an mhargaidh i gceart

Má íocann tú as do chuid siopadóireachta go leictreonach nó má aistríonn tú airgead go digiteach, beidh muidne ann chun cabhrú leat. Bainistímid bonneagar an mhargaidh – an líonra atá taobh thiar de na haistrithe sin – agus cuirimid tacaíocht ar fáil dó. Cabhraíonn sé sin le gluaiseacht éasca éifeachtach airgid taobh istigh de thíortha agus thar theorainneacha araon.

Íocaíochtaí agus an tEurochóras

Cabhraímid le cobhsaíocht airgeadais a chothú

Aithnímid na rioscaí a d’fhéadfadh cothromaíocht an chórais airgeadais a chur as a riocht, amhail anord sa stocmhargadh nó titim ghéar ar phraghsanna tithíochta agus déanaimid moltaí chun na rioscaí sin a mhaolú. Cabhraíonn sé sin le daoine cosúil leatsa, agus le gnólachtaí, pleananna a dhéanamh agus infheistíocht a dhéanamh sa todhchaí.

Ár ról i gcobhsaíocht airgeadais

Stair

Foghlaim cén chaoi ar tháinig an Eoraip le chéile le teacht isteach an chomhairgeadra agus le tosú na maoirseachta comhpháirtí baincéireachta.

Stair an limistéir euro

Foghlaim tuilleadh faoin mBanc Ceannais Eorpach

Cinnteoireacht

Is í ár gComhairle Rialaithe a dhéanann na cinntí is tábhachtaí, lena n-áirítear cinntí faoi na rátaí úis a shocrú agus faoi na huirlisí beartais airgeadaíochta eile a úsáidfear.

Cinnteoireacht agus vótáil sealaíochta
Mínitheoirí

Féach ar ár mínithe chun tuilleadh eolais a fháil faoin méid a dhéanaimid. Díríonn siad ar na príomhábhair chun cuidiú leat tuiscint a fháil ar an mbaincéireacht cheannais.

Léigh ár mínitheoirí
Tástáil do chuid eolais

Cé mhéad atá ar eolas agat faoin mBanc Ceannais Eorpaigh agus faoin méid a dhéanaimid? Oibrigh ort agus tabhair faoi na quizeanna agus féach cé mhéad freagra a bheidh agat!

Tabhair faoi na quizeanna

Déan teagmháil linn

An bhfuil ceist agat faoin mBanc Ceannais Eorpach nó faoin méid a dhéanaimid? Faigh na freagraí ar na ceisteanna is coitianta nó cuir do cheist féin chugainn.

Mol grianghraf don phreas

Féach ar ár leathanach gréasáin le haghaidh grianghraif BCE. Cuireann sé cumhdach cuimsitheach ar fáil, lena n-áirítear portráidí oifigiúla, íomhánna de nótaí bainc, grianghraif phreasócáid beartais airgeadaíochta agus grianghraif ónár gcartlann.

FÉACH THART AR ÁR SUÍOMH GRÉASÁIN

Foghlaim faoin méid a dhéanaimid

Tabhair cuairt orainn

Tá Ionad Cuairteoirí an Bhainc Ceannais Eorpaigh oscailte anois do thurais agus sainléachtaí, ar an láthair agus ar líne, agus tabharfaidh sin deis do chuairteoirí tuilleadh a fhoghlaim faoin mBanc Ceannais Eorpach.  Féach ar ár leathanach Tabhair Cuairt Orainn chun tuilleadh eolais a fháil ar a gcuireann muid ar fáil agus chun mar is féidir leat cuairt nó léacht a iarraidh.

Tabhair cuairt orainn

Glac páirt inár dtionscnaimh óige

Is féidir tionchar a bheith ag na cinntí a dhéanaimidne ar do shaol laethúil féin. Eagraímid imeachtaí ar fud na hEorpa chun bualadh le daoine óga agus chun bhur dtuairimí agus bhur smaointe a chloisteáil.

Féach ar na tionscnaimh is déanaí uainn
Breis eolais uait? Léigh an míniú uainn
Foghlaim tuilleadh
Cé leis an Banc Ceannais Eorpach?

Gach leathanach sa rannóg seo