Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Conas a d’oibreodh an euro digiteach?

Samhlaigh go ndeachaigh tú chuig uathmheaisín bainc (ATM) agus gur thóg tú amach €100. Laghdaíonn iarmhéid do chuntais bainc €100, ach €100 airgead tirim agat i do lámh anois chun íocaíochtaí a dhéanamh.

Bheadh an próiseas céanna i gceist leis an euro digiteach, ach in ionad an t-airgead i do chuntas bainc a thiontú ina airgead tirim, dhéanfaí é a thiontú ina euro digiteach.

Míniú ar an euro digiteach

Is é an chéad chéim a bheadh i gceist ná do thiachóg euro dhigitigh a shocrú suas trí do bhanc. Ach d’fhéadfá dul chuig údarás poiblí ainmnithe, oifig phoist mar shampla, chun é seo a dhéanamh.

Nuair a bheidh do thiachóg euro dhigitigh euro socraithe suas agat, d’fhéadfá airgead a chur isteach ann trí chuntas bainc nasctha nó trí airgead tirim a thaisceadh. D’fhéadfá tosú ag déanamh íocaíochtaí ansin tríd an euro digiteach i do thiachóg a úsáid.

Aon uair a gheofá airgead in euro digiteach, choinneofá é i do thiachóg euro dhigitigh, suas go dtí teorainn áirithe, nó d’fhéadfá é a chur i dtaisce i do chuntas bainc. D’fhéadfá é seo a dhéanamh de láimh tú féin nó é a shocrú go huathoibríoch.

Bheadh íocaíochtaí euro dhigitigh sábháilte agus láithreach i gcónaí — bíodh siad le déanamh i siopaí fisiciúla, i siopaí ar líne nó idir daoine.

Cathain a d’fhéadfaí an euro digiteach a úsáid?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Ceannacháin laethúla

Bíodh tú ag ceannach caife na maidine nó ag íoc an fheighlí linbh, d’fhéadfá iad a íoc le do thiachóg euro dhigitigh. Bheadh an euro digiteach ar fáil d’aon íocaíochtaí leictreonacha i siopaí, ar líne nó ó dhuine go duine.

Íocaíochtaí idir cairde

D’fhéadfá íocaíochtaí díreacha a dhéanamh ó thiachóg go tiachóg ag baint úsáid as fón nó uaireadóir, díreach cosúil le hairgead tirim a thabhairt ar ais do chara a thug airgead ar iasacht duit. Leis an euro digiteach, d’fhéadfadh sé sin oibriú ar líne nó as líne.

Ag dul thar lear

Agus cuairt á tabhairt ag duine ar thír eile sa limistéar euro, is gnách an rud é airgead tirim a bheith aige nó aici le bheith cinnte gur féidir leis nó léi íocaíochtaí a dhéanamh agus táillí breise in aistarraingtí a sheachaint. Leis an euro digiteach, bheadh tú in ann do chuid íocaíochtaí a dhéanamh saor in aisce áit ar bith sa limistéar euro.

Siopadóireacht ar líne

Bheadh an euro digiteach ar fáil i gcásanna nach mbeadh airgead tirim ar fáil, mar shampla nuair a bhítear ag siopadóireacht ar líne. Chuirfeadh an euro digiteach modh íocaíochta sábháilte agus éasca ar fáil le tacaíocht ó BCE, institiúid phoiblí.

Feidhmiúlachtaí breise

Íocaíochtaí athfhillteacha agus coinníollacha a dhéanamh

Téann cuid mhór dár gcaiteachas laethúil i dtreo íocaíochtaí rialta, amhail an cíos a íoc ag tús gach míosa nó íoc as cúram leanaí. Sin an fáth a n-éascódh an euro digiteach íocaíochtaí uathoibrithe do dhaoine ar mian leo an fheidhm sin a úsáid.

Tá tástáil déanta ag rannpháirtithe san ardán nuálaíochta maidir leis an euro digiteach ar íocaíochtaí coinníollacha, amhail "íoc ar sheachadadh", “íoc as úsáid” nó íocaíochtaí bunaithe ar gharspriocanna. Le híocaíochtaí coinníollacha, ní thugtar an íocaíocht chun críche ach i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Mar shampla, ní thugtar íocaíocht do bhéile le tabhairt leat chun críche ach amháin nuair a sheachadtar an béile.

Ní bheadh an euro digiteach ina airgead inríomhchláraithe go deo, áfach. Is airgead digiteach é airgead inríomhchláraithe a úsáidtear do chuspóir nó fad teoranta, cosúil le dearbhán.

Os a choinne sin, beidh an euro digiteach neamhshrianta agus coinneoidh sé a luach i gcónaí – díreach cosúil le hairgead tirim. Nílimid ag iarraidh go gcuirfeadh an euro digiteach aon srian ar an áit, ar an uair ná ar cé leis a bhféadfadh daoine agus gnólachtaí é a úsáid.

Cé mhéad euro digiteach ar féidir a bheith i mo thiachóg?

Shocrófaí teorainn don mhéid euro digiteach a d’fhéadfadh duine nó cuideachta a bheith ina thiachóg euro dhigitigh. Chuideodh sé sin le heis-sreafaí iomarcacha taiscí ó bhainc a chosc, rud a chaomhnódh cobhsaíocht airgeadais.

Bheadh úsáideoirí ar mian leo níos mó ná an teorainn atá leagtha síos a íoc in ann é sin a dhéanamh trína thiachóg dhigiteach a nascadh lena gcuntas bainc.

Gach leathanach sa rannóg seo