Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

An Euro Digiteach

Bheadh euro digiteach ina fhoirm dhigiteach airgid thirim, a bheadh eisithe ag an mbanc ceannais agus a bheadh ar fáil do gach duine sa limistéar euro.

Táimid ag obair le bainc cheannais náisiúnta an limistéir euro chun a fhiosrú an bhféadfaí euro digiteach a eisiúint. Airgeadra digiteach bainc ceannais a bheadh ann, a bheadh ar comhstádas leis an airgead tirim, ach i bhfoirm leictreonach. Bheadh an euro digiteach ann in éineacht leis an airgead tirim agus thabharfaí rogha eile do dhaoine leis chun íocaíochtaí a dhéanamh.

An Euro Digiteach

Airgead bainc ceannais i bhfoirm dhigiteach, ar fáil le haghaidh aon íocaíochtaí leictreonacha i siopaí, ar líne nó ó dhuine go duine.

An t-eolas is tábhachtaí

Cad a bheadh i gceist le euro digiteach?

Bheadh euro digiteach ina mhodh íocaíochta leictreonach a bheadh ar fáil saor in aisce do chách. Cosúil le hairgead tirim sa lá atá inniu ann, d’fhéadfá é a úsáid áit ar bith sa limistéar euro, agus bheadh sé slán agus príobháideach. Inár sochaí atá ag éirí níos digitithe de réir a chéile, bheadh euro digiteach ar an gcéad chéim eile chun cinn dár n-airgeadra aonair.

Cad a bheadh ann?
Cén fáth a bhfuil euro digiteach ag teastáil uainn?

Faoi láthair, níl aon rogha Eorpach ann le haghaidh íocaíochtaí digiteacha a chumhdaíonn an limistéar euro ina iomláine, agus tá 13 thír as 20 tír ag brath ar scéimeanna idirnáisiúnta cártaí le haghaidh íocaíochtaí le cárta. Is éard a bheadh i gceist le euro digiteach modh íocaíochta leictreonach Eorpach a mbeadh rochtain air agus a nglacfaí leis i dtíortha uile an limistéir euro.

Cén fáth a bhfuil sé ag teastáil uainn?
Conas a d’oibreodh euro digiteach?

Dhéanfaí euro digiteach a stóráil i dtiachóg leictreonach a bheadh socraithe suas agat le do bhanc nó le hidirghabhálaí poiblí. Ligfeadh sé sin duit do ghnáthíocaíochtaí leictreonacha a dhéanamh – i do shiopa áitiúil, ar líne, le cara – le do ghuthán nó le do chárta, ar líne agus as líne.

Cén chaoi a n-oibreodh sé?
Cén chéim a bhfuilimid aige anois?

Leis an gcéim ullmhúcháin, a thosaigh i mí na Samhna 2023, dírítear ar ullmhú breise d’fhorbairt fhéideartha an euro dhigitigh. Cuireann sé leis na torthaí ón gcéim imscrúdaithe.

Na chéad chéimeanna eile

Ceisteanna Coitianta

Cén chaoi a gcabhródh euro digiteach liom? Cén chaoi a mbeadh an euro digiteach éagsúil le cripteamhonaí cobhsaí agus le criptea-shócmhainní? An ndéanfadh euro digiteach príobháideachas an úsáideora a ráthú? An dtiocfadh euro digiteach in ionad airgead tirim? Léigh freagraí na gceisteanna is coitianta anseo.

Dul chun cinn maidir le euro digiteach

Foghlaim faoin dul chun cinn a rinneadh sa chéad chuid de chéim ullmhúcháin thionscadal an euro dhigitigh, a seoladh i mí na Samhna 2023.

Dul i gcomhar le páirtithe leasmhara

Le comhar fairsing le gníomhaithe margaidh agus le reachtóirí, cinnteofar go bhfreastalóidh euro digiteach ar riachtanais na n-úsáideoirí. Sin an fáth a bhfuil sraith tionscnamh á seoladh againn chun teagmháil a dhéanamh leis an oiread páirtithe leasmhara agus is féidir.

Rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara
Doiciméid agus taighde

Tacaítear le tionscadal an euro dhigitigh le doiciméadacht fhairsing agus le hanailísí mionsonraithe ar an obair atá ar siúl. Bain úsáid as ár leathanach tiomnaithe maidir le doiciméid agus taighde chun léamh faoi ábhair a bhfuil spéis agat iontu.

Fiosraigh tuilleadh

An euro digiteach i gcomhthéacs na nithe seo a leanas...

... príobháideachas

Le euro digiteach, bheimis ag tairiscint réiteach íocaíochta do dhaoine agus do ghnólachtaí sa limistéar euro leis na caighdeáin phríobháideachais is airde. Ní bheadh an Banc Ceannais Eorpach ná an tEurochóras in ann a aithint cé thú féin nó cad atá á cheannach agat ó na sonraí íocaíochta a fhaighimid.

Léigh tuilleadh faoin euro digiteach agus príobháideachas

... criptea-shócmhainní

Ós rud é go mbeadh banc ceannais ag tacú le euro digiteach, ní criptea-shócmhainn a bheadh ann. Tá sainordú ag bainc cheannais luach an airgid a choinneáil, cibé acu más airgead fisiciúil nó airgead digiteach atá i gceist. Ní thacaíonn aon institiúid lárnach le criptea-shócmhainní ná ní dhéanann siad iad a bhainistiú agus níl aon ráthaíocht ann gur féidir leat iad a mhalartú ar airgead tirim nuair is gá duit.

Cad é an difríocht?

... infheistíochtaí

Dhearfaí euro digiteach mar mhodh íocaíochta seachas mar ionstraim le haghaidh infheistíochtaí airgeadais. Táimid ag fiosrú na ceiste sin go cúramach chun iarmhairtí diúltacha don earnáil airgeadais a sheachaint. Ba cheart go rachadh euro digiteach chun tairbhe don gheilleagar agus don tsochaí ina hiomláine.

An euro digiteach: Ábhair imní na mbanc maidir le taiscí a chailleadh a bhréagnú

... íocaíochtaí uile-Eorpacha

Tá straitéis chuimsitheach íocaíochtaí leagtha amach againn don ré dhigiteach. Is é is aidhm dúinn a chinntiú go dtacaíonn margadh iomaíoch agus nuálach le híocaíochtaí Eorpacha, margadh atá in ann freastal ar éilimh na dtomhaltóirí agus ceannasacht Eorpach á caomhnú aige.

Ár straitéis íocaíochtaí miondíola

Podchraoladh an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Euro digiteach: céard é féin, cén uair agus cén fáth? (cuid 1 & 2)

An bhfuil gá le euro digiteach, agus má tá, cén fáth? Cén chuma a bheadh air? Cé na difríochtaí a bheadh ann idir euro digiteach agus bealaí eile íocaíochta? Cuireann Katie Ranger, láithreoir an phodchraolta, na ceisteanna sin ar Evelien Witlox, saineolaí ar an euro digiteach.

Éist le cláir an phodchraolta

Soiléiriú ar an euro digiteach

Táimid ag ullmhú don fhéidearthacht go mbeadh euro digiteach le heisiúint. Tá sin ag cothú go leor spéise - agus míthuiscintí - in ainneoin nach ndearnadh aon chinneadh go fóill. Tabharfaidh ár láithreoir Stefania Secola agus Evelien Witlox, ceann thionscadal an euro dhigitigh, soiléiriú ar roinnt de na miotais.

Éist leis an gclár seo den phodchraoladh

Bí ar an airdeall faoi chalaois

Táimid ar an eolas faoi ríomhphoist agus suíomhanna gréasáin bréagacha ina n-iarrtar ar dhaoine infheistíocht a dhéanamh sa euro digiteach. Is camscéim é sin. Ní iarraimid infheistíochtaí, airgead ná sonraí pearsanta ar dhaoine riamh. Má cheapann tú go ndearnadh calaois ort, déan teagmháil leis na póilíní áitiúla.

Gach leathanach sa rannóg seo