Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 15 Meitheamh 2023

Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Tá boilsciú ag ísliú ach meastar go bhfanfaidh sé ró-ard ar feadh rófhada. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfillfidh an boilsciú ar ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad gan mhoill. Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu mar sin, ardú 25 bhonnphointe a chur ar na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach.

Léiríonn an méadú ráta inniu an measúnú nuashonraithe atá déanta againn ar ionchas an bhoilscithe, ar dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh, agus ar neart tharchur an bheartais airgeadaíochta. De réir réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha mhí an Mheithimh, tá foireann an Eurochórais ag súil le boilsciú foriomlán go 5.4 faoin gcéad ar an meán in 2023, 3.0 faoin gcéad in 2024 agus 2.2 faoin gcéad in 2025. Tá táscairí ar bhrúnna praghais bunúsacha fanta láidir, cé go léiríonn roinnt acu comharthaí trialacha de mhaolú. Tá coigeartú suas déanta ag an bhfoireann ar a réamh-mheastacháin maidir le boilsciú, gan fuinneamh agus bia san áireamh, go háirithe don bhliain seo agus don bhliain seo chugainn, mar gheall ar arduithe nach raibh súil acu leo roimhe seo agus ar na himpleachtaí a bheadh ag an margadh láidir saothair ar luas an fhrithbhoilscithe. Feictear dóibh anois go sroichfidh sé 5.1 faoin gcéad in 2023, sula laghdóidh sé go 3.0 faoin gcéad in 2024 agus 2.3 faoin gcéad in 2025. Tá laghdú beag déanta ag an bhfoireann ar a réamh-mheastacháin fáis eacnamaíoch don bhliain seo agus don bhliain seo chugainn. Measann siad anois go dtiocfaidh fás 0.9 faoin gcéad ar an ngeilleagar in 2023, fás 1.5 faoin gcéad in 2024 agus fás 1.6 faoin gcéad in 2025.

Ag an am céanna, tá na harduithe a chuireamar ar rátaí san am atá thart á dtarchur go láidir chuig dálaí maoinithe agus tá tionchar acu de réir a chéile ar fud an gheilleagair. Tá méadú mór tagtha ar chostais iasachtaíochta agus tá moill ag teacht ar an bhfás ar iasachtaí. Tá dálaí maoinithe níos déine ar cheann de na cúiseanna a meastar go dtiocfaidh laghdú breise ar an mboilsciú i dtreo ár sprice, toisc go bhfuiltear ag súil go gcuirfidh siad maolú níos mó ar an éileamh.

Cinnteoidh na cinntí a dhéanfaimid amach anseo go dtabharfar eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh go dtí leibhéil a bheidh sriantach a ndóthain chun filleadh tráthúil an bhoilscithe go dtí an sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad a bhaint amach agus é a choinneáil ag na leibhéil sin chomh fada agus a bheidh gá leis. Leanfaimid de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, leanfaidh ár gcinntí faoi rátaí úis de bheith bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta.

Deimhníonn an Chomhairle Rialaithe go gcuirfidh sí deireadh leis na hathinfheistíochtaí faoin gclár ceannaithe sócmhainní ó mhí Iúil 2023.

Tá na cinntí uile a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú, agus ansin míneoimid ár measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Ní raibh aon bhorradh faoi gheilleagar an limistéir euro le roinnt míonna anuas. Mar a tharla sa cheathrú ráithe den bhliain seo caite, laghdaigh sé 0.1 faoin gcéad sa chéad ráithe de 2023, i lár laghdú ar thomhaltas príobháideach agus poiblí. Is dócha go bhfanfaidh an fás eacnamaíoch lag sa ghearrthéarma ach go neartóidh sé i gcaitheamh na bliana, de réir mar a thagann laghdú ar an mboilsciú agus de réir mar a bhíonn suaitheadh soláthair ag laghdú. Tá na dálaí in earnálacha éagsúla den gheilleagar míchothrom: tá an earnáil déantúsaíochta ag lagú i gcónaí, go páirteach mar gheall ar éileamh níos ísle ar fud an domhain agus dálaí maoinithe níos déine don limistéar euro, fad is atá seirbhísí fós seasmhach.

Is foinse láidir go fóill an margadh saothair. Cuireadh beagnach milliún post nua leis sa chéad ráithe den bhliain agus d’fhan an ráta dífhostaíochta ag an ráta is ísle riamh, ag 6.5 faoin gcéad i mí Aibreáin. Tá méadú tagtha freisin ar mheánlíon na n-uaireanta a oibríodh, cé go bhfuil sé fós beagán faoi bhun an leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim.

De réir mar a bheidh an ghéarchéim fuinnimh ag maolú, ba chóir do rialtais laghdú ar na bearta tacaíochta bainteacha go pras agus ar bhealach cuimsithe chun brú suas brúnna boilscitheacha meántéarmacha a sheachaint, rud a d’éileodh freagairt níos láidre i leith beartas airgeadaíochta. Ba chóir beartais fhioscacha a bheith deartha chun ár ngeilleagar a dhéanamh níos bisiúla agus chun fiachas ard poiblí a thabhairt anuas de réir a chéile. Is féidir le beartais chun cumas soláthair an limistéir euro a fheabhsú, go háirithe in earnáil an fhuinnimh, cabhrú freisin le brúnna praghsanna a laghdú go meántéarmach. Ba cheart críoch a chur le leasú ar chreat rialachais eacnamaíoch an AE go luath.

Boilsciú

Thit boilsciú a thuilleadh go dtí 6.1 faoin gcéad i mí Bealtaine, de réir thobmheastachán Eurostat, ó 7.0 faoin gcéad i mí Aibreáin. Bhí bonn leathan faoin ísliú. Lean boilsciú ar phraghsanna fuinnimh, a chuaigh in airde i mí Aibreáin, ag dul síos agus bhí sé diúltach i mí na Bealtaine. Thit boilsciú bia arís ach d’fhan sé ard go fóill ag 12.5 faoin gcéad.

Thit boilsciú, gan fuinneamh agus bia san áireamh, i mí na Bealtaine don dara mí as a chéile, go 5.3 faoin gcéad ó 5.6 faoin gcéad i mí Aibreáin. Tháinig laghdú breise ar bhoilsciú earraí, go 5.8 faoin gcéad ó 6.2 faoin gcéad i mí Aibreáin. Thit boilsciú seirbhísí den chéad uair le roinnt míonna, ó 5.2 faoin gcéad go 5.0 faoin gcéad. Tá táscairí ar bhrúnna praghais bunúsacha fanta láidir, cé go léiríonn roinnt acu comharthaí trialacha de mhaolú.

Tá méadú fós ag teacht ar phraghsanna ar fud an gheilleagair mar gheall ar mhéaduithe ar chostais fuinnimh san am a chuaigh thart. Leanann an t-éileamh ó athoscailt an gheilleagair de bheith ag cur le boilsciú, go háirithe i seirbhísí. Tá brúnna pá, a léiríonn íocaíochtaí aon uaire go páirteach, ag éirí níos tábhachtaí mar fhoinse boilscithe. D’ardaigh cúiteamh in aghaidh an fhostaí 5.2 faoin gcéad sa chéad ráithe den bhliain agus d’ardaigh pá idirbheartaithe 4.3 faoin gcéad. Thairis sin, bhí gnólachtaí i roinnt earnálacha in ann brabúis a choinneáil sách ard, go háirithe nuair a bhí an t-éileamh níos mó ná an soláthar. Cé go bhfuil an chuid is mó de na bearta a bhaineann le hionchais boilscithe níos fadtéarmaí ag thart ar dhó faoin gcéad faoi láthair, tá táscairí áirithe fós ardaithe agus ní mór dlúthfhaireachán a dhéanamh orthu.

Measúnú riosca

Tá an t-ionchas don fhás eacnamaíoch agus don bhoilsciú fós an-éiginnte. I measc na rioscaí ar an taobh thíos don fhás tá cogadh gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus méadú ar theannas geopholaitiúil níos leithne, rud a d’fhéadfadh an trádáil dhomhanda a scoilteadh agus, ar an gcaoi sin, tionchar a imirt ar gheilleagar an limistéir euro. D’fhéadfadh an fás a bheith níos moille freisin má bhíonn tionchair an bheartais airgeadaíochta níos láidre ná mar atá tuartha. D’fhéadfadh sé go mbeadh dálaí airgeadais níos déine fós ann mar thoradh ar theannas athnuaite sa mhargadh airgeadais ná mar a bhíothas ag súil leis agus d’fhéadfadh sé muinín a lagú. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh fás níos laige i ngeilleagar an domhain gníomhaíocht eacnamaíoch sa limistéar euro a mhaolú tuilleadh. Mar sin féin, d’fhéadfadh an fás a bheith níos airde ná mar a tuaradh má bhíonn daoine agus gnólachtaí níos muiníní agus ag caitheamh níos mó mar thoradh ar mhargadh saothair láidir agus cúlú ar an éiginnteacht. 

I measc na rioscaí ar an taobh dearfach maidir le boilsciú tá brúnna ardaithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar chostais an fhuinnimh agus an bhia, a bhaineann freisin le cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine. D’fhéadfadh ardú buan ar ionchais bhoilscithe os cionn ár sprice, nó arduithe ar phá agus corrlaigh bhrabúis ní b’airde ná mar a bhfuiltear ag súil leo, boilsciú a ardú tuilleadh, sa mheántéarma san áireamh. Tá comhaontaithe pá a rinneadh le deireanas i roinnt tíortha tar éis cur le rioscaí ar an taobh thuas maidir le boilsciú. I measc na rioscaí ar an taobh thíos tá teannais athnuaite sa mhargadh airgeadais, rud a d’fhéadfadh boilsciú a laghdú níos tapúla ná mar a réamh-mheasadh. Chuirfeadh éileamh níos laige, mar thoradh mar shampla ar tharchur beartais airgeadaíochta níos láidre, le brúnna níos ísle praghais freisin, go háirithe sa mheántéarma. Thairis sin, thiocfadh laghdú níos tapúla ar bhoilsciú dá gcuirfí an titim atá tagtha ar phraghasanna fuinnimh agus an borradh atá tagtha faoi phraghsanna bia ar aghaidh chuig earraí agus seirbhísí eile níos sciobtha ná mar atáthar ag súil leis faoi láthair.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Léirítear an géarú atáimid a dhéanamh ar ár mbeartas airgeadaíochta fós sna rátaí úis saor ó riosca agus sna dálaí maoinithe níos leithne. Tá dálaí maoinithe níos doichte do bhainc agus tá creidmheas ag éirí níos costasaí do ghnólachtaí agus do theaghlaigh. I mí Aibreáin, shroich rátaí iasachta an leibhéal is airde le breis agus deich mbliana, agus iad cothrom le 4.4 faoin gcéad i gcomhair iasachtaí bainc agus 3.4 faoin gcéad i gcomhair morgáistí.

Tá dinimicí creidmheasa lagtha ag rátaí iasachta níos airde, i dteannta le dálaí soláthair creidmheasa níos géire agus éileamh níos ísle ar iasachtaí. Tháinig titim ar an bhfás bliantúil ar iasachtaí a tugadh do ghnólachtaí arís i mí Aibreáin, go dtí 4.6 faoin gcéad. Tá na hathruithe míosúla tar éis a bheith diúltach ar an meán ó mhí na Samhna i leith. Mhéadaigh iasachtaí do theaghlaigh ag ráta bliantúil 2.5 faoin gcéad i mí Aibreáin agus is fíorbheagán a d'ardú atá tagtha air sin ó mhí go mí. Tháinig titim leanúnach ar an méadú bliantúil in airgead leathan go 1.9 faoin gcéad i mí Aibreáin de dheasca iasachtú lag bainc agus laghdú i gclár comhardaithe an Eurochórais. Tá na hathruithe míosúla ar airgead leathan diúltach ó mhí na Nollag i leith.

De réir ár straitéise beartais airgeadaíochta, rinne an Chomhairle Rialaithe measúnú cuimsitheach ar an idirghaol idir beartas airgeadaíochta agus cobhsaíocht airgeadais. Tá an t-ionchas cobhsaíochta airgeadais fanta dúshlánach ónár n-athbhreithniú deireanach i mí na Nollag 2022. Tá dálaí maoinithe níos géire ag ardú costais maoinithe na mbanc agus an riosca creidmheasa a bhaineann le hiasachtaí gan íoc. I dteannta le teannais atá tagtha i gcóras baincéireachta na Stát Aontaithe le deireanas, d’fhéadfadh na cúinsí seo a bheith ina n-údar strus sistéamach agus d’fhéadfadh laghdú teacht ar fhás geilleagrach sa ghearrthéarma dá ndeasca. Fachtóir eile a bhaineann le hathléimneacht na hearnála airgeadais is ea cor chun donais i margaí an eastáit réadaigh, rud a d’fhéadfaí a mhéadú le costais iasachtaíochta níos airde agus le méadú ar an dífhostaíocht. Ag an am céanna, tá staid láidir ag bainc an limistéir euro ó thaobh caipitil agus leachtachta de, rud a mhaolaíonn na rioscaí cobhsaíochta seo. Fós, is é an beartas macrastuamachta an phríomhchosaint atá againn in aghaidh an mhéadú atá ag teacht de réir a chéile ar leochaileachtaí airgeadais.

Conclúid

Tá boilsciú ag ísliú ach meastar go bhfanfaidh sé ró-ard ar feadh rófhada. Dá bhrí sin, chinn an Chomhairle Rialaithe inniu trí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ardú 25 bonnphointe, i gcomhréir leis an rún atá againn a chinntiú go dtugtar boilsciú ar ais gan mhoill go dtínár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad.

Cinnteoidh na cinntí a dhéanfaimid amach anseo go dtabharfar eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh go dtí leibhéil a bheidh sriantach a ndóthain chun filleadh tráthúil an bhoilscithe go dtí an sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad a bhaint amach agus é a choinneáil ag na leibhéil sin chomh fada agus a bheidh gá leis. Leanfaimid de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, leanfaidh ár gcinntí faoi rátaí úis de bheith bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta.

I gcás ar bith, táimid réidh lenár n-ionstraimí uile a choigeartú laistigh dár sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí ár sprioc mheántéarmach agus an tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa