- RÁITEAS MAIDIR LEIS AN MBEARTAS AIRGEADAÍOCHTA
PREASÓCÁID
Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Boris Vujčić, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Frankfurt am Main, 29 Deireadh Fómhair 2026
Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid seo.
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Lean praghsanna fuinnimh de bheith ag ardú, rud a chruthaíonn rioscaí ar an taobh thuas don ionchas boilscithe agus rioscaí ar an taobh thíos don ionchas fáis. Cé go bhfuil éifeachtaí iomlána an tsuaite fuinnimh fós ag titim amach, d’fhan an boilsciú foluiteach cobhsaí den chuid is mó go dtí seo agus níl freagairt ábhartha i bpá le feiceáil ag an gcéim seo. Leis an méadú ar dhéine agus ar fhad an tsuaite fuinnimh, mar aon le méid na n-éifeachtaí indíreacha agus dara babhta a bhaineann leis, is mó an seans go gcuirfeadh siad leis an mboilsciú agus go laghdódh siad fás. Tá dálaí maoiniúcháin níos doichte ann ó bhí an cruinniú deiridh againn, agus tá an dóchúlacht ann go gcuirfidh sin isteach ar an mboilsciú agus ar an bhfás. Táimid meáite ar an mbeartas airgeadaíochta a leagan síos chun deimhin a dhéanamh de go gcobhsaíonn an boilsciú ag an sprioc atá againn don mheántéarma, mar atá, a dó faoin gcéad.
Táimid in áit mhaith le dul i ngleic leis an éiginnteacht ardaithe atá ann faoi láthair. Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.
Tá na cinntí a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá le fáil ar ár suíomh gréasáin.
Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú. Ina dhiaidh sin, míneoidh mé an measúnú atá déanta againn ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.
Gníomhaíocht eacnamaíoch
Tugann na sonraí isteach le fios gur lean geilleagar an limistéir euro de bheith ag leathnú sa tríú ráithe den bhliain. Tháinig téarnamh ar sheirbhísí, i ndiaidh lagú ag tús na coinbhleachta sa Mheánoirthear. Tá an mhonaraíocht, seirbhísí digiteacha agus onnmhairí ag baint tairbhe as infheistíocht ghnó a bhaineann leis an intleacht shaorga. Tá caiteachas rialtais ar bhonneagar agus ar chosaint ag tacú le gníomhaíocht chomh maith. Ceaptar go mbeidh na tosca sin ina gcrann taca ag an bhfás sa ghearrthéarma. Ag an am céanna, tá méaduithe athnuaite ar phraghsanna fuinnimh ag cur isteach ar mhuinín na dtomhaltóirí, agus tá an dóchúlacht ann go gcuirfidh costais mhaoiniúcháin níos airde isteach ar an bhfás.
D’fhan an ráta dífhostaíochta ag 6.4 faoin gcéad i mí Lúnasa. Tá an fhás ar fhostaíocht agus ar an lucht saothair fós lag, ag an am céanna tá méadú de réir a chéile tagtha ar an táirgiúlacht.
Sa mheántéarma, ba cheart go gcuirfeadh téarnamh ar mhuinín agus ar fhíorioncaim, arna thiomáint ag praghsanna fuinnimh atá ag laghdú de réir a chéile agus margadh saothair láidir, leis an éileamh intíre. Ba cheart go leanfadh infheistíocht i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an intleacht shaorga agus caiteachas rialtais ar chosaint agus ar bhonneagar de bheith ag tacú leis an bhfás. Ba cheart go dtiocfadh méadú ar fhás onnmhairí mar gheall ar éileamh eachtrach atá ag neartú.
Chun fás féideartha níos airde a bhaint amach, tá gá le hathchóiriú struchtúrach agus ní mór airgeadas poiblí fónta a bheith mar bhonn taca leis chomh maith. Is ancaire ríthábhachtach í an inbhuanaitheacht fhioscach don chobhsaíocht eacnamaíoch níos leithne. Ba cheart go mbeadh freagairtí fioscacha ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh sealadach, spriocdhírithe agus in oiriúint. Is príomhbhloic thógála chun an geilleagar atá againn a dhéanamh níos dinimiciúla agus níos athléimní iad na rialacha ar fud Mhargadh Aonair an Aontais a shimpliú agus a chomhchuibhiú, dlús a chur leis an aistriú fuinnimh agus an t-aontas coigiltis agus infheistíochta a thabhairt chun críche. Agus an próiseas le haghaidh comhaontú a dhéanamh do chreat dlíthiúil an euro dhigitigh ag an gcéim dheiridh, leagaimid béim an athuair ar a thábhachtaí atá sé teacht ar chomhaontú maidir leis an bPacáiste Airgeadra Aonair chomh tapa agus is féidir.
Boilsciú
Tháinig ardú ar an mboilsciú go 3.8 faoin gcéad i mí Mheán Fómhair, ó 3.2 faoin gcéad i mí Lúnasa. Tháinig ardú suntasach ar an mboilsciú praghsanna fuinnimh go 18.9 faoin gcéad, ó 14.3 faoin gcéad i mí Lúnasa. Bhí buaic nua ann i mí Mheán Fómhair do phraghsanna peitril agus díosail, i bpáirt mar gheall ar chorrlaigh scagtha ardaithe. Tháinig ardú ar an mboilsciú gan fuinneamh a chur san áireamh go 2.3 faoin gcéad i mí Mheán Fómhair, ó 2.1 faoin gcéad i mí Lúnasa. Tháinig ardú ar an mboilsciú praghsanna bia go 1.3 faoin gcéad, ó 1.1 faoin gcéad. Tháinig ardú ar an mboilsciú seirbhísí go 3.2 faoin gcéad i mí Mheán Fómhair, ó 3.0 faoin gcéad i mí Lúnasa, agus tháinig laghdú ar an mboilsciú earraí go 1.1 faoin gcéad ó 1.2 faoin gcéad.
D’fhan táscairí de bhoilsciú bunúsach cobhsaí ar an mórchóir, cé go dtugann céimeanna luatha den slabhra praghsála le fios go bhfuil brúnna aníos ann. Tá brúnna pá measartha fós. Tháinig ardú ar an gcúiteamh in aghaidh an fhostaí de réir ráta bliantúil 3.3 faoin gcéad sa dara ráithe, laghdú ó 3.6 faoin gcéad sa chéad ráithe, ag an am céanna chuidigh táirgiúlacht oibre atá ag dul i méid le srian a choinneáil ar an bhfás i gcostais aonad saothair. Tugann ár rianaire pá réamhbhreathnaitheach le fios go luaineoidh an fás pá idirbheartaithe idir 2.5 faoin gcéad agus 2.8 faoin gcéad sna míonna atá fágtha in 2026 agus go seasfaidh siad ag 2.6 faoin gcéad ar an meán sa chéad trí ráithe de 2027. Tháinig ardú ar ionchais bhoilscithe in imeacht tréimhsí níos giorra, ach is ionann formhór na dtomhas ar ionchais bhoilscithe san fhadtéarma agus 2 faoin gcéad, rud a thacaíonn le cobhsú an bhoilscithe thart ar an sprioc sa mheántéarma.
Tháinig ardú ar phraghsanna fuinnimh os cionn na conaire bonnlíne a fhoráiltear i réamh-mheastacháin foirne BCE mhí Mheán Fómhair. Tá an dóchúlacht ann go n-ardóidh seo boilsciú tuilleadh sa ghearrthéarma agus go gcoinneoidh sin an boilsciú foriomlán i bhfad os cionn na sprice sna ráithí atá le teacht. Ina dhiaidh sin, ba cheart go dtacódh boilsciú fuinnimh atá ag laghdú, mar aon le héifeachtaí rátaí úis níos airde, le filleadh an bhoilscithe go dtí an spriocleibhéal.
Measúnú riosca
Tá na rioscaí a bhaineann leis an ionchas fáis ar an taobh thíos. Is iad an choinbhleacht sa Mheánoirthear agus forbairtí i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine is cúis leis sin go háirithe. D’fhéadfadh suaitheadh leanúnach ar sholáthairtí fuinnimh na praghsanna fuinnimh a ardú tuilleadh agus ar feadh tréimhse níos faide ná mar a bhíothas ag dréim leis. Chuirfeadh sin isteach ar fhíorioncaim, caiteachas agus infheistíocht. D’fhéadfadh meathlú ar mheon an mhargaidh airgeadais dhomhanda nó iarmhairtí i margaí bannaí domhanda dálaí maoiniúcháin a dhéanamh níos géire, rud a mhaolódh éileamh. D’fhéadfadh éiginnteacht fhioscach dálaí maoiniúcháin a dhéanamh níos géire agus muinín a lagú tuilleadh chomh maith, rud a laghdódh tomhaltas agus infheistíocht. D’fhéadfadh borradh faoin teannas trádála idir mórgheilleagair cur isteach a thuilleadh ar shlabhraí soláthair, onnmhairí a laghdú agus tomhaltas agus infheistíocht a lagú. Os a choinne sin, d’fhéadfadh go mbeadh fás níos airde i gceist sa chás ina gcuirfeadh an geilleagar agus na margaí fuinnimh iad féin in oiriúint níos tapúla ná mar a bhíothas ag dréim leis don chur isteach mar gheall ar na coinbhleachtaí leanúnacha nó dá réiteofaí iad go hinbhuanaithe. Anuas air sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí fás a ardú níos mó ná mar atá coinne leis mar gheall ar ghnólachtaí sa limistéar euro a bheith ag glacadh le teicneolaíochtaí nua agus caiteachas rialtais ar bhonneagar agus ar chosaint, mar aon le hathchóirithe chun táirgiúlacht a fheabhsú agus Margadh Aonair an Aontais a thabhairt chun críche.
Is ar an taobh thuas atá na rioscaí a bhaineann leis an ionchas boilscithe. Is iad an choinbhleacht sa Mheánoirthear agus forbairtí i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine is cúis leis sin go háirithe. D’fhéadfadh an suaitheadh fuinnimh a bheith níos géire agus a héifeachtaí ar phraghsanna eile agus ar phá níos láidre ná mar a bhíothas ag dréim leis. D’fhéadfadh méadú teacht ar phraghsanna gáis, gó háirithe, i gcás ina mbeadh suaitheadh breise soláthair ann nó geimhreadh fuar neamhghnách i gcomhthráth le leibhéil ísle stórála. Dá fhaide a leanann na praghsanna fuinnimh de bheith ard, is ea is dóchúla go gcuirfeadh siad leis an mboilsciú ina iomláine trí éifeachtaí indíreacha agus dara babhta. D’fhéadfadh teannas trádála athnuaite a bheith ina chúis le slabhraí soláthair domhanda níos ilroinnte, soláthar amhábhar criticiúil a chiorrú agus srianta acmhainneachta i ngeilleagar an limistéir euro a lagú. D’fhéadfadh eachtraí adhaimsire, dálaí “El Niño” atá ag éirí níos déine a d’fhéadfadh a bheith mar chuid leo, agus ar bhonn leithne na géarchéimeanna aeráide agus dúlra atá ag teacht chun cinn, praghsanna bia a ardú níos mó ná mar a bhíothas ag dréim leis. Os a choinne sin, d’fhéadfadh an boilsciú a bheith níos ísle dá réiteofaí coinbhleachtaí leanúnacha go hinbhuanaithe nó sa chás nach mbeadh éifeachtaí indíreacha agus dara babhta mar gheall ar phraghsanna fuinnimh níos airde chomh suntasach céanna ná mar atáthar ag dréim leis faoi láthair. D’fhéadfadh margaí airgeadais níos luainí a bhfuil col riosca níos mó acu, mar aon le rátaí fadtéarmacha úis níos airde, cur isteach ar an éileamh agus an boilsciú a laghdú freisin dá bhrí sin.
Dalaí airgeadais agus airgeadaíochta
Tá coinníollacha maoinithe níos doichte ann ó bhí an cruinniú deiridh againn. Tháinig ardú ar rátaí úis ar an mórchóir, ag an am céanna tá laghdú tagtha ar phraghsanna stoc.
Tháinig ardú ar an gcostas a bhain le fiachas margadhbhunaithe go 4.1 faoin gcéad i mí Lúnasa, ó 4.0 faoin gcéad i mí Iúil, agus d’fhan rátaí iasachtaithe na mbanc do ghnólachtaí ag 3.8 faoin gcéad. Tháinig moilliú ar an bhfás ar iasachtú bainc do ghnólachtaí go ráta bliantúil 4.2 faoin gcéad i mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair, ó 4.4 faoin gcéad i mí Iúil, ag an am céanna tháinig ardú ar eisiúint bannaí corparáideacha ag ráta bliantúil 4.2 faoin gcéad i mí Mheán Fómhair, ardú ó 3.8 faoin gcéad i mí Lúnasa agus 3.5 faoin gcéad i mí Iúil. D’éirigh na caighdeáin chreidmheasa le haghaidh iasachtaí do ghnólachtaí níos doichte sa tríú ráithe, mar a tuairiscíodh sa suirbhé is déanaí uainn maidir le hiasachtú bainc, agus na rioscaí eacnamaíocha roimh a gcustaméirí ina n-ábhair imní do na bainc. D’ainneoin riachtanais mhaoiniúcháin níos airde le haghaidh fardail agus caipiteal oibre, tháinig laghdú ar an éileamh ar iasachtaí corparáideacha, rud a léiríonn go háirithe na rátaí úis níos airde.
Tháinig ardú ar rátaí morgáiste go 3.6 faoin gcéad i mí Lúnasa, ó 3.5 faoin gcéad i mí Iúil, agus tháinig laghdú beag ar fhás an iasachtaithe morgáiste go 3.0 faoin gcéad i mí Mheán Fómhair. Níor tháinig athrú ar na caighdeáin chreidmheasa le haghaidh morgáistí sa tríú ráithe, ach tháinig laghdú suntasach ar an éileamh ar mhorgáistí mar gheall ar na rátaí úis níos airde.
Focal scoir
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Táimid meáite ar an mbeartas airgeadaíochta a leagan síos chun deimhin a dhéanamh de go gcobhsaíonn an boilsciú ag an sprioc atá againn don mheántéarma, mar atá, a dó faoin gcéad. Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.
I gcás ar bith, táimid réidh lenár gcuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh den sainordú atá againn chun a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag ár sprioc mheántéarmach agus chun dea-fheidhmiú tharchur an beartais airgeadaíochta a choimeád slán.
Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.
Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa
