Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Márta 2024
Cad a chinneamar?
INSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
Ní dhearnamar athrú ar bith ar ár n-eochair-rátaí úis
Tá na harduithe a chuireamar ar rátaí úis san am atá thart ag cuidiú le boilsciú a bhrú síos. Braithfidh na cinntí a dhéanfaimid amach anseo ar an gcaoi a bhfeicimid an geilleagar agus an boilsciú ag forbairt.
Cad atá ag tarlú sa gheilleagar?
INSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
Tá an geilleagar fós lag ach téarnóidh sé de réir a chéile
Tá níos lú airgid á chaitheamh ag daoine, agus tá níos lú earraí agus seirbhísí á n-onnmhairiú ag gnólachtaí. Ach de réir mar a thagann laghdú ar bhoilsciú, beidh níos mó airgid ag daoine le caitheamh. Tacóidh sé seo leis an ngeilleagar.
Tá laghdú breise tagtha ar bhoilsciú
Tá fuinneamh i bhfad níos saoire ná mar a bhí bliain ó shin, agus níl praghsanna bia ag ardú chomh tréan agus a bhí. Ach tá pá atá ag ardú ag coinneáil praghsanna earraí agus seirbhísí eile ard.
Tá go leor daoine fostaithe
Tá an ráta dífhostaíochta ag an leibhéal is ísle riamh ó tugadh isteach an euro. Tá gnólachtaí ag earcú oibrithe nua i gcónaí, cé gur lú líon na n-oibrithe atá á n-earcú anois ná mar a bhí san am atá caite.
Conas a fheicimid an geilleagar ag forbairt?
Táimid ag súil go dtéarnóidh an geilleagar go mall sna blianta amach romhainn
Réamh-mheastacháin d’fhás eacnamaíoch an limistéir euro sa bhliain 2024 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó Mhárta 2024).
Táimid ag súil go dtitfidh boilsciú go dtí ár sprioc 2% in 2025
Réamh-mheastacháin do bhoilsciú an limistéir euro sa bhliain 2024 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó Mhárta 2024).
Féach ar na mionsonraí
CINNTÍ BEARTAS AIRGEADAÍOCHTA
Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.
PreaseisiúintRÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA
Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.
Ráiteas beartais airgeadaíochta