Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Lá na hEorpa

Tá an Eoraip á tógáil trí bhíthin na haontachta, céim ar chéim, le bearta téagartha síochána.

Le Lá na hEorpa, a cheiliúrtar gach bliain an 9 Bealtaine, tugtar ómós don tsíocháin agus don aontacht ar fud na mór-roinne. Cothrom an lae sin a tharla Dearbhú Schuman – beart stairiúil nuair a chuir Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Robert Schuman, samhail nua den chomhar polaitiúil san Eoraip i láthair an tsaoil mhóir. Ba é an fhís a bhí aige go mbeadh cogadh idir náisiúin na hEorpa “ní hamháin doshamhlaithe, ach dodhéanta go hábhartha”. Meastar go forleathan gurbh é an beart nua misniúil sin a chuir tús leis an saothar a raibh an tAontas Eorpach mar thoradh air faoi dheireadh.

Déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach seó soilse a theilgean ar sciathán thiar an Grossmarkthalle le haghaidh chomóradh 75 bliana ó fógraíodh Dearbhú Schuman. Beidh an seó infheicthe go soiléir san oíche an 9 agus 10 Bealtaine.

Europa-Fest in Frankfurt

An 10 Bealtaine glacfaidh BCE páirt in Europa-Fest, in éineacht le dhá ghníomhaireacht eile de chuid an Aontais atá lonnaithe in Frankfurt – an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid. Reáchtálfar an ócáid i gcearnóg mhargaidh stairiúil Römerberg in Frankfurt – beidh cuairteoirí in ann bualadh le saineolaithe agus comhrá a dhéanamh leo, cur agus cúiteamh a dhéanamh i dtaobh ceisteanna a bhaineann leis an Aontas, agus triail a bhaint as cluichí idirghníomhacha.

Tuilleadh eolais i dtaobh Europa-Fest

An Banc Ceannais Eorpach (BCE) sa Bhruiséil

An lá céanna sin tiocfar orainn freisin i bhfoirgneamh an Berlaymont sa Bhruiséil i gcomhair ócáid Lá na hEorpa arna reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach, 10:00-18:00, Am Lár na hEorpa. Beidh deis agat, ag an ócáid sin, tuilleadh eolais a fháil i dtaobh an euro, léargas a fháil ar athdhearadh na nótaí bainc nua agus eolas a chur ar thionscadal an euro dhigitigh. Beidh saineolaithe ó BCE ar fáil chun do chuid ceisteanna a fhreagairt, agus beidh seans agat do chuid eolais a thástáil le quizeanna agus le cluichí.

Ócáidí in institiúidí Eorpacha eile