- RÁITEAS MAIDIR LEIS AN MBEARTAS AIRGEADAÍOCHTA
PREASÓCÁID
Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Frankfurt am Main, 18 Nollaig 2025
Dia daoibh tráthnóna. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. De réir an mheasúnaithe atá tugtha cothrom le dáta againn, is féidir linn a dheimhniú an athuair gur cheart go bhfanfadh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc a dó faoin gcéad atá againn sa mheántéarma.
De réir na réamh-mheastachán nua ó fhoireann an Eurochórais beidh boilsciú foriomlán 2.1 faoin gcéad ar an meán ann in 2025, 1.9 faoin gcéad ar an meán in 2026, 1.8 faoin gcéad ar an meán in 2027 agus 2.0 faoin gcéad ar an meán in 2028. Maidir leis an mboilsciú gan fuinneamh agus bia a chur san áireamh, síleann an fhoireann gur 2.4 faoin gcéad ar an meán a bheidh ann in 2025, 2.2 faoin gcéad ar an meán in 2026, 1.9 faoin gcéad ar an meán in 2027 agus 2.0 faoin gcéad ar an meán in 2028. Meastar anois go mbeidh an boilsciú níos airde in 2026, go príomha toisc go measann an fhoireann anois go dtiocfaidh laghdú níos moille ar an mboilsciú seirbhísí. Meastar go mbeidh an fás eacnamaíoch níos láidre ná mar a bhí sna réamh-mheastacháin i mí Mheán Fómhair, agus é á spreagadh go háirithe ag an éileamh intíre. Tá ardú tagtha ar an réamh-mheastachán don fhás go 1.4 faoin gcéad in 2025, 1.2 faoin gcéad in 2026 agus 1.4 faoin gcéad in 2027 agus meastar go bhfanfaidh sé ag 1.4 faoin gcéad in 2028.
Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc a dó faoin gcéad atá againn sa mheántéarma. Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.
Tá na cinntí a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá le fáil ar ár suíomh gréasáin.
Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú. Ina dhiaidh sin, míneoidh mé an measúnú atá déanta againn ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.
Gníomhaíocht eacnamaíoch
Tá teacht aniar sa gheilleagar le tamall anuas. Tháinig méadú 0.3 faoin gcéad air sa tríú ráithe, rud a léiríonn tomhaltas agus infheistíocht níos láidre den chuid is mó. Tháinig méadú ar onnmhairí freisin, agus onnmhairí ceimiceán an-láidir. Ba í an earnáil seirbhísí an earnáil ba láidre fás, go háirithe san earnáil faisnéise agus cumarsáide, agus bhí an leibhéal gníomhaíochta san earnáil tionsclaíochta agus san earnáil foirgníochta gan athrú. Meastar go leanfaidh an patrún fáis sin atá bunaithe ar sheirbhísí ar aghaidh sa ghearrthéarma.
Tá an geilleagar ag baint tairbhe as margadh saothair láidir. Tá an dífhostaíocht, a bhí ag 6.4 faoin gcéad i mí Dheireadh Fómhair, gar don leibhéal is ísle dá raibh ann riamh, agus tháinig méadú 0.2 faoin gcéad ar an bhfostaíocht sa tríú ráithe. An tráth céanna, tháinig laghdú breise ar an éileamh ar shaothar, agus bhí an ráta postfholúntas ar an leibhéal ab ísle ó aimsir na paindéime.
De réir na réamh-mheastachán ón bhfoireann is é an an t-éileamh intíre an príomhinneall fáis a bheidh ann sna blianta amach romhainn. Meastar go dtiocfaidh méadú breise ar fhíorioncaim agus go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar an ráta coigiltis ón leibhéal ar a bhfuil sé faoi lathair, atá fós ard; tacóidh sé sin leis an tomhaltas. Ceaptar go mbeidh infheistíocht ghnó agus caiteachas suntasach rialtais ar chúrsaí bonneagair agus cosanta ina gcrann taca níos láidre de réir a chéile ag an ngeilleagar. Mar sin féin, is dócha go mbeidh an timpeallacht dhúshlánach don trádáil dhomhanda fós ina bac ar an bhfás sa limistéar euro i mbliana agus an bhliain seo chugainn.
Meabhraíonn an Chomhairle Rialaithe go bhfuil sé ríthábhachtach an limistéar euro agus an geilleagar a ghabhann leis a neartú go práinneach sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair. Is díol sásaimh dúinn gur iarr an Coimisiún Eorpach ar rialtais tús áite a thabhairt d’airgeadas poiblí inbhuanaithe, d’infheistíocht straitéiseach agus d’athchóirithe struchtúracha lena gcothaítear fás. Tá sé ríthábhachtach leas iomlán a bhaint as acmhainneacht uile an Mhargaidh Aonair. Tá sé ríthábhachtach comhtháthú an mhargaidh caipitil a chothú tuilleadh trí bhíthin an t-aontas coigiltis agus infheistíochtaí agus an t-aontas baincéireachta a thabhairt chun críche, de réir amchlár soiléir uaillmhianach, agus go nglacfaí go pras leis an Rialachán maidir leis an euro digiteach a bhunú.
Boilsciú
Is beag athrú atá tagtha ar an mboilsciú bliantúil ó bhí an t-earrach ann agus d’fhan sé ag 2.1 faoin gcéad i mí na Samhna. Bhí praghsanna fuinnimh 0.5 faoin gcéad níos ísle ná mar a bhí bliain ó shin, tar éis laghdú níos mó i mí Dheireadh Fómhair. Tá boilsciú praghsanna ag 2.4 faoin gcéad, tar éis a bheith ag ráta 2.5 faoin gcéad i mí Dheireadh Fómhair agus ag 3.0 faoin gcéad i mí Mheán Fómhair. Bhí an boilsciú gan fuinneamh agus bia a chur san áireamh seasta ag 2.4 faoin gcéad, agus boilsciú earraí agus boilsciú seirbhísí ag gluaiseacht i dtreonna contrártha. Tháinig laghdú ar an mboilsciú praghsanna go 0.5 faoin gcéad i mí na Samhna, ó 0.6 faoin gcéad i mí Dheireadh Fómhair agus 0.8 faoin gcéad i mí Mheán Fómhair. Tháinig ardú ar an mboilsciú praghsanna go 3.4 faoin gcéad i mí Dheireadh Fómhair agus 3.5 faoin gcéad i mí na Samhna, ó 3.2 faoin gcéad i mí Mheán Fómhair.
Is beag athrú atá tagtha ar tháscairí an bhoilscithe fholuitigh le roinnt míonna anuas agus tá siad fós comhsheasmhach lenár sprioc mheántéarmach, is é sin a dó faoin gcéad. Cé nár tháinig aon athrú ar an bhfás ar bhrabúis aonaid sa tríú ráithe, d’fhás costais saothair aonadacha ag ráta beagán níos airde ná mar a bhí sa dara ráithe. Tháinig ardú ar an gcúiteamh in aghaidh an fhostaí de réir ráta bliantúil 4.0 faoin gcéad. Bhí sé sin níos airde ná mar a bhí á thuar i réamh-mheastacháin foirne mhí Mheán Fómhair, agus tharla sé mar gheall ar íocaíochtaí de bhreis ar an bpá idirbheartaithe. Tugann táscairí réamhbhreathnaitheacha, amhail rianaire pá BCE agus suirbhéanna ar ionchais phá, le fios go dtiocfaidh maolú ar an bhfás pá sna ráithí atá le teacht, agus go gcobhsóidh sé beagán ansin faoi bhun 3 faoin gcéad i dtreo dheireadh 2026.
Ba cheart go dtiocfadh laghdú ar an mboilsciú sa ghearrthéarma, go príomha toisc go dtitfidh na harduithe ar phraghsanna fuinnimh san am a chuaigh thart amach as na rátaí bliantúla. Measann an fhoireann go bhfanfaidh sé faoi bhun 2 faoin gcéad ar an meán in 2026 agus 2027, agus go mbeidh an boilsciú fuinnimh diúltach le linn an chuid is mó den tréimhse sin agus go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar an mboilsciú diomaite d’fhuinneamh. Ba cheart go bhfillfeadh an boilsciú ar an sprioc ansin in 2028, agus méadú mór tagtha ar an mboilsciú fuinnimh. Is léiriú é sin i bpáirt ar an éifeacht mhéadúcháin ar an mboilsciú de bharr Chóras Trádála Astaíochtaí 2 an Aontais, a gcuirfear tús leis – ceaptar anois – in 2028, bliain níos déanaí ná mar a toimhdíodh i réamh-mheastacháin foirne mhí Mheán Fómhair. Meastar go gcobhsóidh an boilsciú diomaite d’fhuinneamh ag thart ar 2 faoin gcéad sna blianta deiridh den tréimhse réamh-mheastacháin.
De réir fhormhór na slat tomhais maidir le hionchais bhoilscithe, is ráta 2 faoin gcéad nó mar sin a bheidh ann san fhadtéarma, rud atá ag teacht le cobhsú an bhoilscithe thart ar an sprioc atá leagtha amach againn.
Measúnú riosca
Cé go bhfuil maolú tagtha ar na teannais trádala, d’fhéadfadh an timpeallacht idirnáisiúnta atá fós luaineach cur isteach ar shlabhraí soláthair, onnmhairí a lagú, agus tionchar a imirt ar thomhaltas agus ar infheistíocht. D’fhéadfadh dálaí maoiniúcháin níos doichte, col riosca níos mó agus fás níos laige a bheith mar thoradh ar mheathlú ar mheon an mhargaidh airgeadais dhomhanda. Is údar mór éiginnteachta i gcónaí iad na teannais gheopholaitiúla, amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Os a choinne sin, d’fhéadfadh caiteachas beartaithe ar chosaint agus ar bhonneagar, mar aon le hathchóirithe feabhsúcháin táirgiúlachta, borradh níos mó a chur faoin bhfás thar mar a bhí á thuar. D’fhéadfadh sé go mbeadh de thoradh ar neartú muiníne go gcuirfí borradh faoin gcaiteachas príobháideach.
Go fóill féin tá an t-ionchas maidir leis an mboilsciú níos éiginnte ná mar is gnách, toisc go bhfuil an timpeallacht idirnáisiúnta fós luaineach. D’fhéadfadh an boilsciú a bheith níos ísle má bhíonn éileamh níos ísle ar onnmhairí an limistéir euro mar thoradh ar tharaifí níos airde na Stát Aontaithe agus má spreagtar tíortha a bhfuil ró-acmhainneacht acu a n-onnmhairí chuig an limistéar euro a mhéadú. Anuas air sin, de bharr euro níos láidre d’fhéadfadh laghdú níos mó ná mar a bhí tuartha teacht ar an mboilsciú. D’fhéadfadh méadú ar an luaineacht agus ar an gcol riosca sna margaí airgeadais cur isteach ar an éileamh agus an boilsciú a laghdú freisin dá bhrí sin. Os a choinne sin, d’fhéadfadh an boilsciú a bheith níos airde dá mbeadh de thoradh ar shlabhraí soláthair domhanda atá níos ilroinnte go dtiocfadh ardú ar phraghsanna allmhairí, go gcuirfí srian ar an soláthar amhábhar criticiúil agus go ngéarófaí ar na srianta acmhainneachta i ngeilleagar an limistéir euro. De bharr laghdú níos moille ar bhrúnna pá d’fhéadfadh moill teacht ar an laghdú ar bhoilsciú seirbhísí. D’fhéadfadh borradh faoin gcaiteachas cosanta agus bonneagair cur freisin leis an mboilsciú sa mheántéarma. D’fhéadfadh méadú níos mó ná mar a bhíothas ag dréim leis teacht ar phraghsanna bia de dheasca adhaimsire agus na ngéarchéimeanna aeráide agus dúlra atá ag teacht chun cinn i gcoitinne.
Dalaí airgeadais agus airgeadaíochta
Tá ardú tagtha ar rátaí an mhargaidh ó bhí an cruinniú deiridh againn. Tá rátaí iasachtaithe na mbanc do ghnólachtaí cobhsaí den chuid is mó ó bhí an samhradh ann, tar éis dóibh titim mar fhreagairt ar na ciorruithe a rinneamar ar ár ráta beartais sa tréimhse bliana roimhe sin. I mí Dheireadh Fómhair is ráta 3.5 faoin gcéad a bhí ann, gan athrú ó mhí Mheán Fómhair. Ba é 3.4 faoin gcéad an costas a bhain le fiachas margadhbhunaithe a eisiúint, gar dá leibhéal i mí Mheán Fómhair freisin. Bhí an meánráta úis ar mhorgáistí nua seasta arís, ag 3.3 faoin gcéad i mí Dheireadh Fómhair.
Tháinig méadú 2.9 faoin gcéad ar bhonn bliantúil ar iasachtú na mbanc do ghnólachtaí i mí Dheireadh Fómhair, gan athrú ó mhí Mheán Fómhair. Tháinig méadú 3.2 faoin gcéad ar eisiúint bannaí corparáideacha, mórán gan athrú freisin. Láidrigh an t-iasachtú morgáiste, ag fás 2.8 faoin gcéad tar éis fás 2.6 faoin gcéad i mí Mheán Fómhair.
I gcomhréir lenár straitéis beartais airgeadaíochta, rinne an Chomhairle Rialaithe measúnú cuimsitheach ar an idirghaol idir an beartas airgeadaíochta agus an chobhsaíocht airgeadais. Tá bainc an limistéir euro athléimneach – tá cóimheasa láidre caipitil agus leachtachta, cáilíocht láidir sócmhainní agus brabúsacht láidir ina gcrann taca acu. Ach is rioscaí don chobhsaíocht airgeadais sa limistéar euro iad an éiginnteacht gheopholaitiúil agus an baol go ndéanfaí athphraghsáil thobann sna margaí airgeadais domhanda. Is é an beartas macrastuamachta an phríomhchosaint atá againn i gcónaí ar charnadh leochaileachtaí airgeadais. Cuireann sé feabhas ar an athléimneacht agus caomhnaíonn sé an spás macrastuamachta.
Focal scoir
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc a dó faoin gcéad atá againn sa mheántéarma. Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.
I gcás ar bith, táimid réidh lenár gcuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh den sainordú atá againn chun a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag ár sprioc mheántéarmach agus chun dea-fheidhmiú tharchur an beartais airgeadaíochta a choimeád slán.
Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.
Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa
