Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS MAIDIR LEIS AN MBEARTAS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, 5 Meitheamh 2025

Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid seo.

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Go háirithe, tá an cinneadh go ndéanfaí an ráta úis ar an tsaoráid taisce a ísliú – an ráta trína stiúraimid an seasamh i leith an bheartais airgeadaíochta – bunaithe ar ár measúnú nuashonraithe ar an ionchas boilscithe, ar dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh agus ar neart tharchur an bheartais airgeadaíochta.

Faoi láthair, tá an boilsciú thart ar an sprioc mheántéarmach 2 % atá againn. De réir na bonnlíne i réamh-mheastacháin foirne nua an Eurochórais, ba cheart go socródh an meánbhoilsciú foriomlán ag 2.0 % in 2025, ag 1.6 % in 2026 agus ag 2.0 % in 2027. Léiríonn na hathbhreithnithe anuas i gcomparáid le réamh-mheastacháin mhí an Mhárta – 0.3 pointe céatadáin le haghaidh 2025 agus 2026 araon – go mbeidh praghsanna fuinnimh níos ísle ná mar a measadh agus go mbeidh euro níos láidre ann. Measann an fhoireann go mbeidh meánbhoilsciú (praghsanna fuinnimh agus bia as an áireamh) 2.4 % ann in 2025 agus gur 1.9 % a bheidh ann in 2026 agus 2027. Tríd is tríd, níl aon athrú ansin ó bhí mí an Mhárta ann.

I dtaca leis an bhfíor-olltáirgeacht intíre (OTI), síleann an fhoireann go mbeidh meánfhás 0.9 % ann in 2025 agus gur 1.1 % a bheidh ann in 2026 mar aon le 1.3 % in 2027. Léiríonn an réamh-mheastachán fáis le haghaidh 2025 nár athbhreithníodh go raibh an chéad ráithe níos láidre ná mar a ceapadh ach gur dócha gur lú fás a bheidh ann ar feadh an chuid eile den bhliain. Cé gur dócha go n-imreoidh an éiginnteacht a bhaineann le beartais trádála tionchar ar infheistíocht ghnó agus ar onnmhairí, go háirithe sa ghearrthéarma, cuirfidh an méadú ar chaiteachas rialtais ar chúrsaí cosanta agus bonneagair leis an bhfás de réir a chéile sa mheántéarma. Fágfaidh an t-ardú ar fhíorioncaim agus margadh láidir fostaíochta go mbeidh teaghlaigh in ann breis airgid a chaitheamh. I dteannta dálaí maoiniúcháin níos fabhraí, ba cheart go bhfágfadh sé sin go mbeidh an geilleagar níos seasmhaí i gcoinne eachtraí domhanda gan choinne.

I gcomhthéacs na héiginnteachta móire atá ann, rinne an fhoireann measúnú ar chuid de na meicníochtaí faoina bhféadfadh beartais éagsúla trádála tionchar a imirt ar an bhfás agus ar an mboilsciú de réir roinnt cásanna malartacha léiritheacha. Foilseofar na cásanna sin i dteannta na réamh-mheastachán foirne ar ár suíomh gréasáin. Faoin anailís sin ar chásanna, d’fhágfadh géarú eile ar an teannas trádála sna míonna amach romhainn go mbeadh an fás agus an boilsciú faoi bhun na réamh-mheastachán bonnlíne. Os a choinne sin, dá bhfaighfí réiteach sásúil ar an teannas trádála, bheadh an fás, agus an boilsciú go pointe áirithe, níos airde ná mar atá sna réamh-mheastacháin bhonnlíne.

Léiríonn an chuid is mó de bhearta an bhoilscithe bhunúsaigh go socróidh an boilsciú ar bhonn leanúnach thart ar an sprioc mheántéarmach 2 % atá ag an gComhairle Rialaithe. Tá fás pá fós ag dul in airde ach is léir go bhfuil sé ag moilliú i rith an ama. Tá brabúis ag cur srian le cuid den tionchar atá aige sin ar an mboilsciú. Is lú imní atá ann anois go mbeidh géarú ar dhálaí maoiniúcháin ann mar thoradh ar an éiginnteacht bhreise agus an freagra luaineach a thug an margadh ar an teannas trádála.

Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag an sprioc mheántéarmach 2 % atá againn. Go háirithe agus an éiginnteacht as an ngnáth atá ann faoi láthair, leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun an seasamh iomchuí i leith an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Beidh na cinntí a dhéanfaimid faoi rátaí úis bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh agus neart tharchur an bheartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.

Tá na cinntí uile a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú. Ina dhiaidh sin, míneoidh mé an measúnú atá déanta againn ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Tháinig fás 0.3 % ar an ngeilleagar sa chéad ráithe de 2025, de réir thobmheastachán Eurostat. Tá an dífhostaíocht, a bhí ráta 6.2 % i mí Aibreáin, ar an leibhéal is ísle ó seoladh an euro, agus tháinig méadú 0.3 % ar an bhfostaíocht sa chéad ráithe den bhliain, de réir an tobmheastacháin.

I gcomhréir leis na réamh-mheastacháin ón bhfoireann, tá sé le sonrú ar na sonraí suirbhé ar an iomlán go bhfuil ionchais níos laige ann sa ghearrthéarma. Cé go bhfuil an mhonaraíocht tar éis neartú, go páirteach toisc gur tugadh trádáil chun tosaigh in oirchill taraifí níos airde, tá moill ag teacht ar an earnáil seirbhísí, atá níos dírithe ar an ngeilleagar intíre. Meastar go mbeidh sé níos deacra ag gnólachtaí onnmhairiú a dhéanamh de bharr taraifí níos airde agus euro níos láidre. Meastar go gcuirfidh an éiginnteacht mhór atá ann isteach ar chúrsaí infheistíochta.

Ag an am céanna, tá athléimneacht sa gheilleagar go fóill de bharr roinnt tosca éagsúla, agus ba cheart go dtacódh na tosca sin leis an bhfás sa mheántéarma. Ba cheart go gcabhródh margadh saothair láidir, ioncam réadach atá ag ardú, cláir chomhardaithe láidre san earnáil phríobháideach agus dálaí níos éasca maoinithe – i bpáirt de bharr na gciorruithe ar an ráta úis a chuireamar i bhfeidhm roimhe seo – le tomhaltóirí agus le gnólachtaí na hiarmhairtí ó thimpeallacht dhomhanda luaineach a sheasamh. Ba cheart go dtiocfadh borradh faoin bhfás freisin de thoradh na mbeart a fógraíodh le déanaí chun dlús a chur leis an infheistíocht sa chosaint agus sa bhonneagar.

Sa timpeallacht gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, tá sé níos práinní fós go mbeadh de thoradh ar na beartais fhioscacha agus struchtúracha go gcuirfí geilleagar an limistéir euro i riocht níos táirgiúla, níos iomaíche agus níos athléimní. Cuireann Compás Iomaíochais an Choimisiúin Eorpaigh treochlár nithiúil ar fáil le haghaidh gníomhaíochta agus ba cheart na moltaí atá ann, lena n-áirítear na moltaí maidir le simpiú, a ghlacadh go pras. Áirítear leis sin an t-aontas coigiltis agus infheistíochta a thabhairt chun críche, de réir amchlár soiléir uaillmhianach. Is den tábhacht é freisin an creat reachtach a bhunú go tapa chun an bealach a réiteach le haghaidh thabhairt isteach féideartha an euro dhigitigh. Ba cheart do na rialtais deimhin a dhéanamh de go bhfuil an t-airgeadas poiblí inbhuanaithe agus i gcomhréir le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais, agus ba cheart dóibh tús áite a thabhairt freisin d’athchóirithe struchtúracha agus d’infheistíocht straitéiseach bhunriachtanach a mbeidh breis fáis mar thoradh orthu.

Boilsciú

Tháinig laghdú ar an mboilsciú bliantúil i mí na Bealtaine go 1.9 %, ó 2.2 % i mí Aibreáin, de réir thobmheastachán Eurostat. D’fhan an boilsciú praghsanna fuinnimh ag -3.6 %. Tháinig ardú ar an mboilsciú praghsanna bia go 3.3 %, ó 3.0 % an mhí roimhe sin. Níor tháinig aon athrú ar an mboilsciú earraí agus é ag 0.6 %, agus thit an boilsciú seirbhísí go 3.2 %, ó 4.0 % i mí Aibreáin. Is é an fáth is mó ar tháinig méadú ar an moilsciú seirbhísí i mí Aibreáin gur tháinig méadú níos mó ná mar a bhíothas ag dréim leis ar phraghsanna seirbhísí taistil timpeall laethanta saoire na Cásca.

Léiríonn an chuid is mó de tháscairí an bhoilscithe bhunúsaigh go socróidh an boilsciú ar bhonn inbhuanaithe ag ár sprioc mheántéarmach, is é sin 2 %. Tá na costais saothair á maolú de réir a chéile, mar a léirítear le sonraí isteach maidir le pá idirbheartaithe agus sonraí tíre atá ar fáil maidir le cúiteamh in aghaidh an fhostaí. Léirítear i rianaire pá BCE go bhfuil tuilleadh maolaithe fós ag teacht ar an bhfás pá caibidlithe in 2025, agus sna réamh-mheastacháin ón bhfoireann léirítear go dtitfidh an fás pá go ráta faoi bhun 3 % in 2026 agus in 2027. Cé go bhfuil praghsanna fuinnimh níos ísle agus euro níos láidre ag cur brú anuas ar an mboilsciú sa ghearrthéarma, meastar go bhfillfidh an boilsciú ar an sprioc arís in 2027.

Tháinig méadú ar na hionchais ghearrthéarmacha maidir le boilsciú tomhaltóirí i mí Aibreáin – léiriú, is dócha, ar an nuacht i dtaobh teannas trádála. Ach de réir fhormhór na slat tomhais maidir le hionchais bhoilscithe, is ráta 2 % nó mar sin a bheidh ann san fhadtéarma, rud atá ag teacht le cobhsú an bhoilscithe thart ar an sprioc atá leagtha amach againn.

Measúnú riosca

Tá na rioscaí atá ann don fhás eacnamaíoch fós claonta i dtreo an taoibh thíos. Dá mbeadh géarú mór ann ar an teannas trádála domhanda agus ar an éiginnteacht a ghabhann leis sin d’fhéadfadh laghdú teacht ar fhás an limistéir euro de dheasca lagú ar onnmhairí agus laghdú ar infheistíocht agus ar thomhaltas. Mar thoradh ar an meon i leith an mhargaidh airgeadais a bheith ag dul in olcas, d’fhéadfadh dálaí maoiniúcháin níos doichte agus col riosca níos airde a bheith ann agus d'fhéadfadh sé nach mbeadh gnólachtaí agus teaghlaigh chomh toilteanach céanna a bheith ag infheistiú agus ag tomhailt. Is údar mór éiginnteachta i gcónaí é an teannas geopholaitiúil, amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an choinbhleacht thragóideach sa Mheánoirthear. Os a choinne sin, dá réiteofaí an teannas trádála agus geopholaitiúil go tapa, d’fhéadfadh meon dearfach teacht i dtreis agus d’fhéadfaí dlús a chur faoi ghníomhaíocht. Chuirfeadh méadú breise ar an gcaiteachas cosanta agus bonneagair, mar aon le hathchóirithe feabhsaithe táirgiúlachta, leis an bhfás freisin.

Tá an t-ionchas maidir le boilsciú an limistéir euro níos éiginnte ná mar is gnách, mar thoradh ar thimpeallacht luaineach an bheartais trádála dhomhanda. D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh laghdú ar phraghsanna fuinnimh agus euro níos láidre brú anuas ar an mboilsciú. D’fhéadfaí é sin a threisiú dá mba rud é, mar thoradh ar tharaifí níos airde, gur lú an t-éileamh a bheadh ar onnmhairí ón limistéar euro agus go mbeadh tíortha a bhfuil ró-acmhainn acu ag atreorú a n-onnmhairí chuig an limistéar euro. D’fhéadfadh luaineacht agus col riosca níos mó sna margaí airgeadais a bheith mar thoradh ar theannais trádála, rud a chuirfeadh isteach ar éileamh intíre agus a laghdódh an boilsciú freisin dá bhrí sin. Os a choinne sin, d’fhéadfadh ilroinnt slabhraí soláthair domhanda an boilsciú a ardú trí phraghsanna allmhairiúcháin a ardú agus trí chur le srianta acmhainneachta sa gheilleagar intíre. D’fhéadfadh borradh faoin gcaiteachas cosanta agus bonneagair cur freisin leis an mboilsciú sa mheántéarma. D’fhéadfadh méadú níos mó ná mar a bhíothas ag dréim leis teacht ar phraghsanna bia de dheasca adhaimsire agus na géarchéime aeráide atá ag teacht chun cinn i gcoitinne.

Dalaí airgeadais agus airgeadaíochta

Tríd is tríd, ní raibh aon athrú ar na rátaí úis saor ó riosca ó bhí an cruinniú deireanach againn. Tháinig méadú ar phraghsanna cothromais agus laghdú ar raonta difríochta bannaí corparáide mar thoradh ar scéal níos dearfaí faoi bheartais trádála dhomhanda agus an feabhas ar an meon domhanda i leith riosca.

Lean iasachtaí corparáideacha de bheith níos saoire mar gheall ar na ciorruithe a rinneamar ar rátaí úis san am atá thart. Tháinig laghdú ar an meánráta úis ar iasachtaí nua do ghnólachtaí go 3.8 % i mí Aibreáin, síos ó 3.9 % i mí an Mhárta. Níor tháinig aon athrú ar an gcostas a bhaineann le fiachas margadhbhunaithe a eisiúint agus é ag 3.7 %. Lean iasachtú bainc do ghnólachtaí de bheith ag neartú de réir a chéile, ag fás ag ráta bliantúil 2.6 % i mí Aibreáin tar éis ráta 2.4 % i mí an Mhárta. Ag an am céanna, tháinig meath ar eisiúint bannaí corparáide. D’fhan an meánráta úis ar mhorgáistí nua ag 3.3 % i mí Aibreáin, agus tháinig méadú ar an bhfás ar iasachtú morgáiste go 1.9 %.

De réir ár straitéise beartais airgeadaíochta, rinne an Chomhairle Rialaithe measúnú cuimsitheach ar an idirghaol idir an beartas airgeadaíochta agus cobhsaíocht airgeadais. Cé go bhfuil bainc an limistéir euro athléimneach i gcónaí, tá na rioscaí níos leithne don chobhsaíocht airgeadais fós ard, go príomha mar gheall ar bheartais trádála dhomhanda atá luaineach agus an-éiginnte. Is é an beartas macrastuamachta an phríomhchosaint atá againn i gcónaí ar charnadh leochaileachtaí airgeadais. Cuireann sé feabhas ar an athléimneacht agus caomhnaíonn sé an spás macrastuamachta.

Focal scoir

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Go háirithe, tá an cinneadh go ndéanfaí an ráta úis ar an tsaoráid taisce a ísliú – an ráta trína stiúraimid an seasamh i leith an bheartais airgeadaíochta – bunaithe ar ár measúnú nuashonraithe ar an ionchas boilscithe, ar dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh agus ar neart tharchur an bheartais airgeadaíochta. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag an sprioc mheántéarmach 2 % atá againn. Go háirithe agus an éiginnteacht as an ngnáth atá ann faoi láthair, leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun an seasamh iomchuí i leith an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Beidh na cinntí a dhéanfaimid faoi rátaí úis bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh agus neart tharchur an bheartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.

I gcás ar bith, táimid réidh lenár gcuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh den sainordú atá againn chun a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag ár sprioc mheántéarmach agus chun dea-fheidhmiú tharchur an beartais airgeadaíochta a choinneáil.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa