Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)
Nollaig 2025
Cumarsáid sheachtrach
Rialacha baincéireachta an Aontais a shimpliú
An 11 Nollaig 2025, d’fhoilsigh BCE trí dhoiciméad i ndáil le rialacha baincéireachta an Aontais a shimpliú. Ar an gcéad dul síos, d’fhoilsigh BCE moltaí chun an creat rialála, maoirseachta agus tuairiscithe stuamachta Eorpach do na bainc a shimpliú. Is é Tascfhórsa Ardleibhéil na Comhairle Rialaithe maidir le Simpliú a d’ullmhaigh na moltaí sin; d’fhormhuinigh Comhairle Rialaithe BCE iad agus cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh iad. Ar an dara dul síos, d’fhoilsigh BCE tuarascáil a d’ullmhaigh Maoirseacht Baincéireachta BCE ina bpléitear a chlár oibre leanúnach chun éifeachtacht, éifeachtúlacht agus fócas riosca na maoirseachta baincéireachta Eorpaí a neartú faoin reachtaíocht atá ann cheana. Tá na tionscnaimh sin ina gcomhlánú ar na moltaí ó Thascfhórsa Ardleibhéil na Comhairle Rialaithe agus is féidir iad a chur chun feidhme go hiomlán, beag beann ar na moltaí sin. Cuireann an tríú tuarascáil, a d’ullmhaigh an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach, bailchríoch ar an bpacáiste iomlán, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE. Foilsíodh preasráiteas gaolmhar freisin.
Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí
Creat dlíthiúil nuashonraithe ionas gur féidir leanúint d’obair thaiscéalaíoch an Eurochórais maidir le hidirbhearta mórdhíola a shocrú in airgead bainc ceannais, bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte (DLT)
An 20 Samhain 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe nuashonrú ar an gcreat dlíthiúil ionas gur féidir leanúint d’obair thaiscéalaíoch an Eurochórais maidir le socrú idirbheart mórdhíola atá bunaithe ar DLT in airgead bainc ceannais; beidh an creat sin i bhfeidhm anois go dtí an tríú ráithe de 2026, nuair a chuirfear chun feidhme tairiscint tosaigh an Eurochórais ardáin mhargaidh DLT agus Seirbhísí TARGET a nascadh chun na hidirbhearta sin a shocrú. Is éard atá sa chreat dlíthiúil (a) Meabhrán Tuisceana inmheánach nuashonraithe don Eurochóras féin; agus (b) maolú spriocdhírithe ar chritéir rochtana roghnaithe le haghaidh Urrúis TARGET2 (T2S) de réir Chreat-Chomhaontú T2S, atá sealadach freisin, i.e. teoranta don tréimhse ar lena linn a leanfaidh an obair thaiscéalaíoch ar aghaidh, a mheastar a mhairfidh go dtí an tríú ráithe de 2026. Tagann an nuashonrú sin i ndiaidh don Chomhairle Rialaithe plean a fhormheas an 23 Meitheamh 2025 trína mbeifear in ann idirbhearta atá bunaithe ar DLT a shocrú trí úsáid a bhaint as airgead bainc ceannais trí bhíthin clár dhá chonair. Sa chéad chonair, “Pontes”, cuirtear tairiscint ghearrthéarmach ar fáil don mhargadh – atá le seoladh sa tríú ráithe de 2026; sa dara conair, “Appia”, dírítear ar chur chuige fadtéarmach.
Doiciméadacht dhlíthiúil nuashonraithe a bhaineann le Córas Bainistíochta Comhthaobhachta an Eurochórais (ECMS)
An 21 Samhain 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe nuashonrú ar Chomhaontú inmheánach Leibhéal 2/Leibhéal 3 an Eurochórais do thionscadal ECMS. Rinneadh an nuashonrú sin toisc moill a bheith curtha ar thús chéim oibríochtúil thionscadal ECMS, a tháinig i bhfeidhm ar bhonn ‘beo’ an 16 Meitheamh 2025.
Aontachas Bhanc Náisiúnta na Bulgáire le comhaontuithe a bhaineann le bonneagar margaidh
An 4 Nollaig 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe leaganacha leasaithe de chomhaontuithe a bhaineann le bonneagar margaidh sa chomhthéacs go bhfuil an Bhulgáir le ballraíocht a ghlacadh sa limistéar euro an 1 Eanáir 2026, ionas gur féidir le Banc Náisiúnta na Bulgáire a bheith ina pháirtí sna comhaontuithe inmheánacha Eurochórais sin atá mar chreat dlíthiúil do Sheirbhísí TARGET.
Critéir incháilitheachta le haghaidh thionscadal Pontes agus a chéim phíolótach
An 4 Nollaig 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe na cásanna úsáide agus na critéir incháilitheachta le haghaidh rannpháirtithe, oibreoirí agus sócmhainní margaidh DLT le haghaidh Pontes agus le haghaidh chéim phíolótach an tionscadail sin. Tá sé beartaithe go mbeidh tairiscint tosaigh Pontes ar fáil ar bhonn ‘beo’ faoi dheireadh an tríú ráithe de 2026. Foilseofar an creat oibríochtúil agus an creat dlíthiúil, a bheidh mar bhonn agus mar thaca ag Pontes agus ag céim phíolótach an tionscadail sin agus faoina mbunófar na critéir incháilitheachta sin go foirmiúil, i gcomhréir leis na dátaí faoi seach a bhfuil siad le teacht i bhfeidhm.
Tuarascáil 2025 maidir le calaois íocaíochta, arna hullmhú go comhpháirteach ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) agus ag BCE
An 11 Nollaig 2025, d’údaraigh an Chomhairle Rialaithe foilsiú an dara tuarascáil chomhpháirteach ó ÚBE agus ó BCE maidir le calaois íocaíochta. Sa tuarascáil sin tugtar forléargas cuimsitheach ar shonraí calaoise íocaíochta arna mbailiú ag ÚBE agus ag BCE ina róil faoi seach mar mhaoirseoir ar chórais, ionstraimí, scéimeanna agus socruithe íocaíochta agus mar údarás maoirseachta na soláthraithe seirbhísí íocaíochta, faoi na creataí ábhartha is infheidhme. Déanann ÚBE agus BCE faireachán ar an méid atá ag titim amach ó thaobh calaois íocaíochta, bunaithe ar na sonraí calaoise a bhailítear, agus foilsíonn siad na tuarascálacha sin ar bhonn bliantúil. Tagann na tuarascálacha sin in ionad na dtuarascálacha Eurochórais a bhíodh ann roimhe seo maidir le calaois cártaí, agus tugtar léargas níos cuimsithí agus níos mionsonraithe iontu ar chalaois i measc ionstraimí éagsúla íocaíochta. Tá tuarascáil chomhpháirteach ÚBE-BCE agus preaseisiúint ghaolmhar le fáil ar shuíomhanna gréasáin ÚBE agus BCE.
Comhairle maidir le reachtaíocht
Tuairim ó BCE maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc i measc fhoireann Bhanc Ceannais na Cipire
An 25 Samhain 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/38 arna iarraidh sin do Bhanc Ceannais na Cipire.
Tuairimí ó BCE maidir le húinéireacht chúlchistí óir Banca d’Italia
An 2 Nollaig 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/39 arna iarraidh sin d’Aire Geilleagair agus Airgeadais na hIodáile. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an bhforáil ábhartha de dhréacht-Dlí Buiséid 2026 maidir le húinéireacht chúlchistí óir Banca d’Italia, chuathas i gcomhairle le BCE arís agus an 8 Nollaig 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/40 arna iarraidh sin d’Aire Geilleagair agus Airgeadais na hIodáile.
Tuairim ó BCE maidir le cáin a ghearradh ar institiúidí airgeadais
An 12 Nollaig 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/41 arna iarraidh sin d’Aire Geilleagair agus Airgeadais na hIodáile.
Tuairim ó BCE maidir le digitiú agus nuachóiriú na hearnála airgeadais
An 16 Nollaig 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/42 arna iarraidh sin do Banco de España, thar ceann Aireacht Geilleagair, Trádála agus Gnó na Spáinne.
Tuairim ó BCE maidir le forálacha áirithe a bhaineann leis an idirghníomhaíocht idir an dlí náisiúnta agus an Sásra Aonair Maoirseachta agus rialacha baincéireachta earnáilsonracha
An 18 Nollaig 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/43 ar iarratas ó Aireacht Geilleagair agus Airgeadais na hIodáile. Foilseofar an Tuairim amach anseo ar EUR-Lex.
Tuairim ó BCE maidir leis an nós imeachta um fhógra agus measúnú le haghaidh cumaisc inghrúpa
An 18 Nollaig 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/44 arna iarraidh sin d’Aireacht Airgeadais Lucsamburg. Foilseofar an Tuairim amach anseo ar EUR-Lex.
Rialachas corparáideach
Leasuithe ar an gcreat dlíthiúil a bhaineann le dul isteach Bhanc Náisiúnta na Bulgáire san Eurochóras
An 4 Nollaig 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2025/39 lena leasaítear Cinneadh BCE/2010/29 maidir le heisiúint nótaí bainc euro, chun an t-athrú ar stádas Bhanc Náisiúnta na Bulgáire ó bhanc ceannais nach bhfuil sa limistéar euro go banc ceannais atá sa limistéar euro, mar thoradh ar aisghairm mhaolú na Bulgáire ón 1 Eanáir 2026, a léiriú. Ar an gcúis chéanna, iarrfar ar an gComhairle Rialaithe i mí na Nollag 2025, ar an gcéad dul síos, Cinneadh a ghlacadh maidir le caipiteal a íoc, cúlsócmhainní eachtracha a aistriú, agus ranníocaíochtaí ó Bhanc Náisiúnta na Bulgáire le cúlchistí agus soláthairtí BCE, agus, ar an dara dul síos, Comhaontú a fhormhuiniú idir Banc Náisiúnta na Bulgáire agus BCE maidir leis an éileamh a chuir BCE chun sochair do Bhanc Náisiúnta na Bulgáire faoi Airteagal 30.3 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
An 16 Nollaig 2025, d’fhormhuinigh an Chomhairle Ghinearálta freisin Comhaontú leasaithe lena leasaítear Comhaontú Bainc Ceannais ERM II i bhfianaise aisghairm mhaolú na Bulgáire ón 1 Eanáir 2026.
Is nós imeachta caighdeánach é glacadh agus formhuiniú (de réir mar is infheidhme) na ngníomhartha dlí sin a dhéantar i gcomhthéacs banc ceannais náisiúnta de Bhallstát a ghlacann an euro a bheith ag teacht isteach san Eurochóras. Ag gabháil leis freisin tá nuashonrú ar sceideal chóras uainíochta na gceart vótála sa Chomhairle Rialaithe mar thoradh ar Bhanc Náisiúnta na Bulgáire a bheith ag glacadh ballraíocht san Eurochóras agus ag glacadh páirt ina chinnteoireacht. Beidh an féilire nuashonraithe le fáil ar shuíomh gréasáin BCE ón 1 Eanáir 2026.
Moladh ó BCE maidir le hiniúchóirí seachtracha Eesti Pank
An 12 Nollaig 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh BCE/2025/41 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Eesti Pank. Foilseofar an Moladh amach anseo ar EUR-Lex.
Síneadh beartaithe ar shainordú Leas-Chathaoirleach an Bhoird Maoirseachta
An 17 Nollaig 2025 mhol an Chomhairle Rialaithe síneadh a chur le téarma oifige Frank Elderson, comhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE, mar Leas-Chathaoirleach ar Bhord Maoirseachta BCE. I gcomhréir le Rialacha Nós Imeachta BCE, féadfar síneadh a chur le téarma an Leas-Chathaoirligh, ach ní fhéadfar é a shíneadh thar dheireadh an tsainordaithe ocht mbliana atá ag an duine sin mar chomhalta den Bhord Feidhmiúcháin. Mairfidh sainordú Frank Elderson go dtí an 14 Nollaig 2028. Tugtar faisnéis níos mionsonraithe i bpreasráiteas gaolmhar, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
Ceapachán Chathaoirleach an Choiste um Rialú (COMCO) agus an Chomhchathaoirligh ó na bainc cheannais náisiúnta ar an gCoiste um Fhorbairt Eagraíochtúil (ODC)
An 17 Nollaig 2025 cheap an Chomhairle Rialaithe Sergio Nicoletti Altimari, Comhalta den Bhord Rialaithe agus Leas-Ghobharnóir Banca d’Italia, mar Chathaoirleach COMCO, agus é ag teacht i gcomharbas ar Olaf Sleijpen, Uachtarán De Nederlandsche Bank, a bhfuil a shainordú mar chathaoirleach COMCO le dul in éag ag deireadh 2025. Cheap an Chomhairle Rialaithe Elisa Newby, Ceann Ardrúnaíocht Suomen Pankki – Banc na Fionlainne, mar Chomhchathaoirleach ar ODC, agus í ag teacht in ionad Michael Peschel atá ag dul ar scor ó Deutsche Bundesbank ag deireadh na bliana. Tiocfaidh an dá cheapachán i bhfeidhm an 1 Eanáir 2026 agus mairfidh siad go dtí an 31 Nollaig 2028 chun go mbeidh siad i gcomhthráth le téarmaí oifige Chathaoirligh eile choistí an Eurochórais/CEBC a athcheapadh le déanaí don tréimhse 3 bliana ó Eanáir 2026 go Nollaig 2028.
Comhar idirnáisiúnta agus Eorpach
Clár comhair an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) chun acmhainneachtaí na mbanc ceannais sna Balcáin Thiar a neartú
An 27 Samhain 2025 d’fhormhuinigh an Chomhairle Rialaithe an chlárdhoiciméadacht don tríú céim de chlár comhair CEBC idir CEBC agus na Balcáin Thiar. Tá baint ag 21 bhanc ceannais náisiúnta de chuid CEBC leis an gclár sin, atá á chomhordú ag Deutsche Bundesbank agus á mhaoiniú ag an gCoimisiún Eorpach faoina Ionstraim um Chreat Clársceidealaithe um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) don tréimhse 2021-27, agus rachaidh sé chun tairbhe do Bhanc na hAlbáine, do Bhanc Ceannais na Boisnia agus na Heirseagaivéine, do Bhanc Náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh, do Bhanc Ceannais Mhontainéagró, do Bhanc Náisiúnta na Seirbia agus do Bhanc Ceannais Phoblacht na Cosaive*. I gcás na Boisnia agus na Heirseagaivéine, cuirfear an dá ghníomhaireacht mhaoirseachta (Gníomhaireacht Baincéireachta Chónaidhme Chónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus Gníomhaireacht Baincéireachta Republika Srpska) san áireamh freisin. Cuirfear an tríú céim sin den chlár chun feidhme in imeacht trí bliana, ag tosú in 2026.
*Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus leis an Tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta maidir le forógra neamhspleáchais na Cosaive.
Clár CEBC um chomhoibriú le bainc cheannais na hAfraice chun cobhsaíocht, athléimneacht agus rialú airgeadais a neartú
An 3 Nollaig 2025, d’fhormhuinigh an Chomhairle Rialaithe an clárdhoiciméadacht chun síneadh dhá bhliain a chur le clár CEBC um chomhar le bainc cheannais na hAfraice chun athléimneacht agus rialachas na cobhsaíochta airgeadais a neartú. Tá naoi mbanc ceannais náisiúnta CEBC páirteach sa chlár seo, atá á chomhordú ag Deutsche Bundesbank agus á mhaoiniú ag an gCoimisiún Eorpach faoina Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, agus rachaidh sé chun tairbhe do 12 bhanc ceannais (Banc Náisiúnta Angóla, Banc Ceannais Stáit na hAfraice Thiar (BCEAO), Banc Stáit na hAfraice Láir (BEAC), Banc Ceannais na hÉigipte, Banc Ghána, Banc Ceannais na Céinia, Banc Al-Maghrib (Banc Ceannais Mharacó), Banc Mhósaimbíc, Banc na Namaibe, Banc Cúlchiste na hAfraice Theas, Banc na Tansáine agus Banc na Túinéise) a fhreastalaíonn ar 24 thír san iomlán.
Maoirseacht Baincéireachta BCE
Ceisteanna coitianta maidir le ceanglais nochta chomhshaoil, shóisialta agus rialachais (ESG) a chur i bhfeidhm
An 20 Samhain 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun sraith Ceisteanna Coitianta a fhoilsiú maidir le ceanglais nochta ESG a chur i bhfeidhm tar éis Tuairim ó ÚBE a bheith eisithe i bhfoirm litir neamhghnímh (féach ÚBE/Op/2025/11). Is é is aidhm do na Ceisteanna Coitianta aghaidh a thabhairt ar cheisteanna ó institiúidí faoi mhaoirseacht agus ó údaráis inniúla náisiúnta maidir le seasamh BCE i ndáil leis an litir neamhghnímh ó ÚBE maidir le ceanglais nochta ESG Cholún 3 agus soiléiriú a thabhairt go gcomhlíonfaidh BCE moltaí ÚBE. Tá na Ceisteanna Coitianta le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Foilsiú na Treorach ó SAM maidir le Cur Chun Feidhme TIBER-AE
An 20 Samhain 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta go bhfoilseofaí an Treoir ó SAM maidir le Cur Chun Feidhme TIBER-AE, lena nglactar agus lena gcuirtear chun feidhme an creat maidir le cibear-athléimneacht eintiteas atá go príomha san earnáil airgeadais (TIBER-EU) le haghaidh tástáil éigeantach treáite bunaithe ar bhagairtí atá le déanamh ar institiúidí suntasacha faoin nGníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil. Tá an Treoir maidir le Cur Chun Feidhme le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Clár Scrúdaithe Maoirseachta le haghaidh cigireachtaí ar an láthair agus fiosruithe ar shamhlacha inmheánacha in 2026
An 21 Samhain 2025 níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh togra ón mBord Maoirseachta Clár Scrúduithe Maoirseachta (SEP) 2026 um chigireachtaí ar an láthair agus um fhiosruithe ar shamhlacha inmheánacha le haghaidh institiúidí suntasacha atá faoi mhaoirseacht baincéireachta Eorpach a fhaomhadh. Tá Clár na Scrúduithe Maoirseachta ar an láthair bunaithe ar na tosaíochtaí maoirseachta le haghaidh 2026-28, a foilsíodh ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE i mí na Samhna 2025.
Athbhreithniú ar cháilíocht sócmhainní i dtaca le Raiffeisen-Holding Niederösterreich-Wien
An 25 Samhain 2025 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta go nochtfaí torthaí deiridh an athbhreithnithe ar cháilíocht sócmhainní i dtaca le Raiffeisen-Holding Niederösterreich-Wien. Tá na torthaí agus preasráiteas gaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.
Foilsiú na Treoirlíne ó BCE maidir le neamhchosaintí ar iasachtaí neamhthuillmheacha institiúidí ar lú a suntas
An 10 Nollaig 2025 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta go glacfaí Treoirlíne BCE/2025/40 maidir le cur chuige maoirseachta na n-údarás inniúil náisiúnta i leith cumhdach neamhchosaintí neamhthuillmheacha atá ina seilbh ag eintitis faoi mhaoirseacht ar lú a suntas. Tagann sé sin sna sála ar chomhairliúchán poiblí maidir leis an dréacht tosaigh. Tá an Treoirlíne, mar aon le preasráiteas agus ráiteas aiseolais a ullmhaíodh mar fhreagairt ar na barúlacha a fuarthas mar chuid den chomhairliúchán poiblí, le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.
Tástáil struis ar riosca geopholaitiúil
An 12 Nollaig 2025 d’fhógair BCE go ndéanfadh sé tástáil struis droim ar ais ar riosca geopholaitiúil in 2026 ar na 110 mbanc atá faoina mhaoirseacht dhíreach. Leis an tástáil struis droim ar ais sin comhlánófar an tástáil struis a reáchtáil ÚBE in 2025, inar cuireadh i gcás go raibh na bainc uile sa chás céanna agus as ar eascair difríochtaí ina n-ídiú caipitil. I dtástáil struis théamach 2026, iarrfar ar na bainc measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh riosca geopholaitiúil difear a dhéanamh dá samhail ghnó. Tugtar faisnéis níos mionsonraithe i bpreasráiteas gaolmhar, atá le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta .
Treoir nuashonraithe ó BCE maidir le fógra a thabhairt faoi aistriú riosca shuntasaigh agus tacaíocht intuigthe d’urrúsuithe
An 15 Nollaig 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta go bhfoilseofaí treoir nuashonraithe ó BCE le haghaidh institiúidí suntasacha maidir le fógra a thabhairt faoi aistriú riosca shuntasaigh agus tacaíocht intuigthe d’urrúsuithe. Leagtar síos sa treoir an próiseas fógartha a mholtar d’institiúidí suntasacha a leanúint – ag gníomhú dóibh mar institiúidí tionscnóra le haghaidh idirbhearta urrúsúcháin – maidir le haistriú riosca shuntasaigh a aithint i gcás urrúsú ar leith. Tá an treoir, mar aon le preasráiteas gaolmhar, le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa